Antaibheathaigh: Urchair Dhraíochta

Antaibheathaigh: is dócha gurb iad an fhionnachtain leighis is mó agus is tábhachtaí dá raibh riamh ann iad.

Is iad na hantaibheathaigh an t-arm is cumhachtaí dá bhfuil againn sa chogadh in aghaidh ionfhabhtuithe baictéaracha.

Is iad is antaibheathaigh ann ná ceimiceáin a ionsaíonn baictéir. Cuid acu, cuireann siad na baictéir ar gcúl. Cuid eile acu, maraíonn siad na baictéir in áit na mbonn. Sa dá chás, is é an deireadh a bhíonn air ná go gcuirtear na baictéir óna rún agus iad i mbun ionfhabhtú agus galar a chur ar dhaoine.

Ciallaíonn an téarma ‘frithmhiocróbach’ ceimiceán ar bith (antaibheathaigh san áireamh) a mharaíonn miocrorgánach de chineál ar bith, pé acu baictéar, fungas nó rud éigin eile é.

 

Conas a oibríonn antaibheathaigh?

Seo thíos léiriú ar an gcaoi a n-oibríonn antaibheathaigh — tá siad mar a bheadh eochair agus doras tí ann!

Seo thíos léiriú ar an gcaoi a n-oibríonn antaibheathaigh — tá siad mar a bheadh eochair agus doras tí ann!

Cuir i gcás doras tosaigh do thí féin. Nach fíor le rá é go bhfuil eochair an tí díreach i gceart don ghlas agus gurb in an chaoi a n-osclaítear an doras? Ní oirfeadh an eochair sin do dhoras ar bith eile ar an tsráid, an n-oirfeadh? Agus ní mó ná mar a d’oirfeadh eochair ar bith eile do dhoras do thí féin. Is é an rud a deirtear, mar sin, gur SAINCHEAPTHA dá chéile atá doras do thí agus an eochair a ghabhann leis.

Sin é GO DÍREACH an chaoi a n-oibríonn na hantaibheathaigh. An t-antaibheathach, tá sé mar a bheadh eochair ann; an chill bhaictéarach, tá sí mar a bheadh doras ann. Agus an ‘glas’ féin, sin targaid ar leith ar an gcill bhaictéarach nó taobh istigh di, agus oireann an t-antaibheathach don targaid sin go foirfe. Díríonn an t-antaibheathach ar an targaid agus beireann greim docht daingean uirthi.

Agus cén saghas ruda é an targaid féin? Níos dóichí ná a mhalairt, is cuid fíorthábhachtach den chill bhaictéarach í. Mar sin de, nuair a ionsaítear í sin, déantar a oiread damáiste agus is féidir don chill féin!

Mar sin de, is é a dhéanann na hantaibheathaigh ná na baictéir a mharú ar an toirt, nó, ceachtar acu, iad a chur go mór ar gcúl. Fágann sé sin nach féidir leis na baictéir aon mhórthinneas a chur ort, agus sin mar a chuirtear cóireáil ar ionfhabhtuithe!!

 

Cluichí Ionfhabhtuithe a Mharú!

Bain triail as na cluichí thíos!

Lig ort gur antaibheathach thú agus tú go te sa tóir ar na diabhal ionfhabhtuithe sin. Cás báis nó beatha é — cuir den saol iad sula gcuireann siadsan drochbhail ortsa!

Cuir grianghraf scáileáin chugainn ag taispeáint conas a d’éirigh leat, nó cuir ar ár leathanach Twitter é ag @CUsuperbugs!

Cliceáil ar na híomhánna thíos chun na cluichí a imirt.

 

Ionsaí Antaibheathach 2D

 

Ionsaí Antaibheathach 3D


➡️ Tráth na gCeist le Straoiseoga

Cad iad na cineálacha antaibheathach atá ann? Cad a dhéanann siad? Cén fáth go bhfuil ainmneacha chomh casta sin orthu?