Seo Linn ar Thuras Taiscéalaíochta

Fáilte isteach chuig saol na miocrób!

Breathnaigh clár na ngníomhaíochtaí difriúla ar an suíomh seo chun tuilleadh eolais a fháil ar na baictéir, ar an gcaoi a gcuireann siad tinnis orainn, agus ar an gcúis a bhfuil frithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach chomh mór sin ina ábhar imní dúinn.

Is féidir leat tabhairt faoi shlí na taiscéalaíochta céim ar chéim. Nó is féidir leat na hábhair a roghnú de réir mar is mian leat féin.

Fútsa atá sé! 😃

1: Rún na beatha 🧬

Buneolas ar an mBeatha – Cuir eolas ar an gcuma atá ar chealla baictéar, plandaí agus ainmhithe.

Amlíne na hÉabhlóide - Ó thús an ama féin anall go dtí bás an tsrónbheannaigh dhuibh dheireanaigh san Afraic.

2: Buneolas ar mhicribhitheolaíocht 🔬

Cad é an rud é Micribhitheolaíocht? - Tá domhan diamhair timpeall orainn nach féidir linn a fheiceáil lenár súile cinn. Cliceáil anseo chun eolas a chur ar na miocrorgánaigh!

Cé chomh beag atá siad go beacht? – Cad iad na horgánaigh is mó agus is lú, dar leat?

Cuirimis aithne ar bhaictéir – Tá na baictéir ar na nithe beo is líonmhaire agus is tábhachtaí ar an bpláinéad seo. Cliceáil le heileo a rá!

Baictéir ar an taobh istigh – Seans nach bhfuil aon róchuma ar bhaictéir ar an taobh amuigh, ach ní chreidfeá an méid atá ar siúl acu ar an taobh istigh.

3: Saol na miocrób 🦠

An cine daonna: Féasta fial flaithiúil – Cuir eolas ar na baictéir a bhfuil cónaí orthu inár gcorp istigh agus a choinníonn sláintiúil sinn.

Ceist uimhreacha atá ann – An chaoi a bhfásann baictéir, agus an chaoi ar féidir leo líon ábhalmhór ceall a tháirgeadh in imeacht cúpla uair an chloig...

Do chuid miocrób féin a fhás – Breathnaigh na baictéir atá ar do chraiceann, agus na baictéir a bhfuil cónaí orthu i do bhéal, i do chluasa agus i do shrón. Cuir aithne ar na baictéir atá ag póirseáil thart ar scáileán salach do ghutháin.

Miocróib agus an Comhshaol – Cuir eolas ar an ról tábhachtach atá ag baictéir chun an domhan féin a choinneáil ag imeacht.

4: Nuair a chuireann baictéir tinneas orainn 🤒

Ionfhabhtuithe baictéireacha – Cad é go díreach a tharlaíonn dúinn nuair a bhímid tinn?

Sláinteachas – Cuir eolas ar an gcaoi ar féidir cúl a chur ar scaipeadh miocrób díobhálach ach do lámha a ní agus bia a láimhseáil go sábháilte.

Amlíne na nAicídí – Cuir eolas ar na hionfhabhtuithe marfacha millteacha a bhí ann san am a d'imigh thart, mar aon leis na fionnachtana móra eolaíochta lenar tugadh faoi smacht iad.

Piléir Dhraíochta – Cuir eolas ar an gcaoi a n-oibríonn antaibheathaigh agus conas a úsáidtear iad chun ionfhabhtuithe a chóireáil.

Tráth na gCeist le straoiseoga – Cad iad na cineálacha antaibheathach atá ann? Cad a dhéanann siad? Cén fáth a bhfuil ainmneacha chomh casta sin orthu?

5: Frithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach 💊

Frithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach – Nuair a thagann deireadh tobann le héifeacht ár leigheasanna in aghaidh ionfhabhtuithe baictéireacha.

Cuir eolas ar an gcaoi a dtagann frídíní ollscriosta chun cinn, ar an gcaoi a dtéann siad ó dhuine go duine, agus ar an gcaoi a leathann siad ar fud an domhain.

Paindéim dhomhanda – Bain triail as ár n-ionsamhlúchán chun dul i dtuiscint ar an gcaoi ar féidir le paindéimí millteanacha a theacht chun cinn de bharr ionfhabhtaithe.

6: Vacsaíní 💉

Réamhrá le hImdhíoneolaíocht - Forbhreathnú ar an gcaoi a dtéann ár gcóras imdhíonachta i ngleic le hionfhabhtuithe.

Vacsaíniú – Faigh amach cad iad na vacsaíní agus conas a oibríonn siad.

7: Tuilleadh ábhar! 🖨️

Wordle Superbugs - Déan na puzail 'Wordle' a réiteach lena laghad iarrachtaí agus is féidir.

Íoslódálacha – Tuilleadh eolais agus gníomhaíochtaí is féidir a phriontáil amach agus a choinneáil.


➡️ Saol an Eolaí

Is fearrde an domhan na heolaithe – ach cad a dhéanann siad go beacht?

➡️ Scéalta

Scéalta iontacha ina gcuirtear síos ar na fionnachtana móra eolaíochta agus leighis is tábhachtaí i stair an chine dhaonna. Go mbaine tú taitneamh astu!