Saol an Eolaí
-
Micribhitheolaí
Taighde a dhéanamh ar na miocróib
Staidéar a dhéanamh ar na háiteanna a bhfuil cónaí ar bhaictéir, ar a bhfuil ag teastáil uathu chun fás, agus ar an gcaoi ar féidir linn antaibheathaigh nua a fhorbairt
-
Imdhíoneolaí
Taighde a dhéanamh ar an gcóras imdhíonachta
Staidéar a dhéanamh ar an gcaoi a dtéann ár gcorp i ngleic le pataiginí, agus conas an t-eolas sin a chur chun tairbhe dúinn i gcúrsaí diagnóisithe, cóireála agus vacsaíní
-
Bainisteoir Rannpháirtíochta
Taighde a dhéanamh i gcomhar leis an bpobal; an pobal a chur ag déanamh a dtaighde féin
Rannpháirtíocht a chothú i measc an phobail ó thaobh taighde agus teagaisc eolaíochta; daoine óga a spreagadh chun dul le heolaíocht nó le leigheas mar ghairm bheatha
-
Eolaí Sonraí
Anailísiú sonraí agus léirshamhlú
Dianríomhaireacht a dhéanamh, pátrúin a aithint, agus samhlacha a fhorbairt lena mínítear torthaí an taighde atá déanta ag lucht eolaithe agus leighis, agus lena ndéantar tuartha dá réir
-
Múinteoir Bunscoile
Na hábhair ETIM a mhúineadh sa bhunscoil
Daltaí a spreagadh chun fiosrachta, chun iniúchta agus chun dúcheisteanna a oibriú amach. An sprioc: preab a bhaint astu agus iontais na heolaíochta á gcur faoina mbráid
-
Múinteoir Meánscoile
An eolaíocht a mhúineadh sa mheánscoil
Ábhar eolaíochta a chur faoi bhráid déagóirí ar bhealach intuigthe suimiúil
-
Bithcheimiceoir
Taighde a dhéanamh ar phróisis cheimiceacha na beatha
Staidéar a dhéanamh ar an gceangail idir an córas imdhíonachta agus an téachtadh fola; an chaoi a dtéann daoine áirithe ar fán agus iad ar chonair na hailtireachta - nó go dtiontaíonn ina n-eolaithe déanta
-
Dochtúir Galar Tógálach
Cúram cliniciúil a dhéanamh d'othair
An chaoi a ndéanann dochtúirí bunchúis na siomptóm atá ag cur ar othar a dhiagnóisiú agus an chaoi a ndéanann siad amach an chóireáil atá ag teastáil
-
Iriseora Eolaíochta
Eolaíocht sna meáin chumarsáide
Fionnachtana na n-eolaithe a fhógairt don domhan mór
-
Dochtúir Galar Duáin
Taighde a dhéanamh ar an gcliseadh duánach
An chaoi a gcuireann ionfhabhtuithe isteach ar fheidhmiú na nduán, agus an chúis lena dtéann eolaithe i leith TikTok agus Instagram uaireanta
-
Bainisteoir Saotharlainne
Bheith i bhfeighil saotharlann taighde
Cúnamh a thabhairt do thaighdeoirí, oiliúint a chur ar bhaill nua foirne, turgnaimh thábhachtacha a reáchtáil; bíonn an bainisteoir saotharlainne an-eagraithe go deo -
Cumarsáid Eolaíochta
Imeachtaí, taispeántais, ceardlanna agus eile
Cúrsaí eolaíochta a chur ar a súile d'óg agus d'aosta agus rannpháirtíocht an phobail a spreagadh i ngníomhartha eolaíochta
-
Dochtúir Dianchúraim
Othair atá i mbaol báis
Ag déanamh cúraim d'othair a bhfuil dianchúram de dhíth orthu, agus taighde a dhéanamh ar conas is féidir feabhas a chur ar dhiagnóisiú agus ar bhainistíocht othair i mbaol báis
-
Fiaclóir
Tinneas fiacaile a sheachaint agus a chóireáil
Idirdhealú a dhéanamh idir na cásanna ina mbeidh antaibheathaigh ag teastáil agus na cásanna nach mbeidh; an tuiscint gur leas do choirp is ea aire a thabhairt do d'fhiacla
-
Oifigeach Maoinithe Iontaobhas Wellcome
Maoiniú i gcomhair taighde
Ag tacú le heolaithe chun a dtionscadail taighde a fhorbairt, a chur sa tsiúl agus a bhainistiú
-
Dearthóir
Na healaíona agus an eolaíocht ag obair as lámha a chéile
Obair na n-eolaithe a thabhairt go lár an aonaigh le seastáin, taispeántais, meirgí agus póstaeir tharraingteacha
➡️ Cuir Aithne ar na hEolaithe
Seo deis duit bualadh le heolaithe ina steillbheatha.
Inseoidh siad duit faoina dhéanann siad, conas a dhéanann siad é, agus tabharfaidh siad ar chamchuairt fhíorúil timpeall a saotharlainne thú, fiú amháin.
Níl ann ach do chóta saotharlainne a chur umat agus bheith istigh linn!
➡️ Scéalta
Déan dreas beag brabhsála i gcúinne léitheoireachta an tsuímh seo.
Cuir eolas ar na scéalta laistiar de na fionnachtana eolaíochta agus leighis is tábhachtaí dá ndearnadh i stair an chine dhaonna. Níl aon amhras ach go mbainfidh tú taitneamh astu.
Sea anois, druid isteach i gcóngar na tine agus neosfar scéal duit!