Seo Linn Ar Thuras Taiscéalaíochta

Fáilte isteach chuig saol na miocrób!

Cuardaigh clár na ngníomhaíochtaí difriúla ar an suíomh seo chun tuilleadh eolais a fháil ar na baictéir, ar an gcaoi a gcuireann siad tinnis orainn, agus ar an gcúis go bhfuil an frithsheasamh in aghaidh antaibheathach chomh mór sin ina ábhar imní dúinn.

Is féidir leat tabhairt faoi shlí na taiscéalaíochta céim ar chéim. Nó is féidir leat na hábhair a roghnú de réir mar is mian leat féin.

Fútsa atá sé! 😃

1: Rún na Beatha 🧬

Buneolas ar an mBeatha – Cuir eolas ar an gcuma atá ar chealla baictéar, plandaí agus ainmhithe.

Amlíne na hÉabhlóide - Ó thús an ama féin anall go dtí bás an tsrónbheannaigh dhuibh dheireanaigh san Afraic.

2: Buneolas ar Mhicribhitheolaíocht 🔬

Cad É An Rud É Micribhitheolaíocht – Tá domhan diamhair timpeall orainn nach féidir linn a fheiceáil lenár súile cinn... cliceáil chun eolas a chur ar na miocrorgánaigh!

Cé Chomh Beag Atá Siad Go Beacht? – Cad iad na horgánaigh is mó agus is lú, dar leat?

Cuirimis Aithne Ar Bhaictéir – Tá na baictéir ar na nithe beo is líonmhaire agus is tábhachtaí ar an bpláinéad seo. Cliceáil le heileo a rá!

Baictéir Ar An Taobh Istigh – Seans nach bhfuil aon róchuma ar bhaictéir ar an taobh amuigh, ach ar an taobh istigh tá siad go léir mar a bheadh monarcha ann, monarcha a bhfuil meaisíní éagsúla inti, iad go léir ag obair i bpáirt le chéile.

3: Saol na Miocrób 🦠

An Cine Daonna: Féasta Fial Flaithiúil – Cuir eolas ar na baictéir a bhfuil cónaí orthu inár gcorp istigh agus a choinníonn sláintiúil sinn.

Ceist Uimhreacha Atá Ann – An chaoi a bhfásann baictéir, agus an chaoi ar féidir leo líon ábhalmhór ceall a tháirgeadh in imeacht cúpla uair an chloig...

Do Chuid Miocrób Féin a Fhás – Breathnaigh na baictéir atá ar do chraiceann, agus na baictéir a bhfuil cónaí orthu i do bhéal, i do chluasa agus i do shrón. Cuir aithne ar na baictéir atá ag póirseáil thart ar scáileán salach do ghutháin.

Miocróib agus an Comhshaol – Cuir eolas ar an ról tábhachtach atá ag baictéir chun an domhan féin a choinneáil ag imeacht.

4: Nuair a Chuireann Baictéir Tinneas Orainn 🤒

Ionfhabhtuithe Baictéireacha – Cad é go díreach a tharlaíonn dúinn nuair a bhímid tinn?

Amlíne na nAicídí – Cuir eolas ar na hionfhabhtuithe marfacha millteacha a bhí ann san am a d'imigh thart, mar aon leis na fionnachtana móra eolaíochta lenar tugadh faoi smacht iad.

Leigheas Draíochta – Cuir eolas ar an gcaoi a n-oibríonn antaibheathaigh agus conas a úsáidtear iad chun ionfhabhtuithe a chóireáil.

Tráth na gCeist le Straoiseoga – Cad iad na cineálacha antaibheathach atá ar fáil? Cad a dhéanann siad go beacht? Cén fáth go bhfuil ainmneacha chomh haisteach sin orthu?

5: Frithsheasmhacht in aghaidh Antaibheathach 💊

Frithsheasmhacht in aghaidh Antaibheathach – Nuair a thagann deireadh tobann le héifeacht ár leigheasanna in aghaidh ionfhabhtuithe baictéireacha.

Cuir eolas ar an gcaoi a dtagann frídíní ollscriosta chun cinn, ar an gcaoi a dtéann siad ó dhuine go duine, agus ar an gcaoi a leathann siad ar fud an domhain.

Paindéim Dhomhanda – Bain triail as ár n-ionsamhlúchán chun dul i dtuiscint ar an gcaoi ar féidir le paindéimí millteanacha a theacht chun cinn de bharr ionfhabhtaithe.

6: Vacsaíní 💉

Réamheolas ar Imdhíoneolaíocht – Forléargas ar an gcaoi a dtroideann ár gcóras imdhíonachta in aghaidh ionfhabhtuithe.

Vacsaíniú – Cuir eolas ar vacsaíní agus ar an gcaoi a n-oibríonn siad.

7: Tuilleadh Ábhar! 🖨️

Wordle Superbugs - Déan na puzail 'Wordle' a réiteach lena laghad iarrachtaí agus is féidir.

Íoslódálacha – Tuilleadh eolais agus gníomhaíochtaí is féidir a phriontáil amach agus a choinneáil.


➡️ Saol an Eolaí

Is fearrde an domhan na heolaithe – ach cad a dhéanann siad go beacht?

➡️ Scéalta

Cuir eolas ar na scéalta laistiar de na fionnachtana eolaíochta agus leighis is tábhachtaí dá ndearnadh i stair an chine dhaonna. Níl aon amhras ach go mbainfidh tú taitneamh astu.