Saol an Eolaí

Is fearrde an domhan na heolaithe.

Ach cad a dhéanann siad go beacht?

Cliceáil ar na ráitis phearsanta thíos chun a fháil amach.

Adrian Liston:
"Saol an Eolaí"

(Íoslódáil PDF)

  • Fear ag aoibh gháire le spéaclaí agus léine dhubh i gcoinne chúlra balla simplí.

    Micribhitheolaí

    Taighde a dhéanamh ar na miocróib

    Staidéar a dhéanamh ar na háiteanna a bhfuil cónaí ar bhaictéir, ar a bhfuil ag teastáil uathu chun fás, agus ar an gcaoi ar féidir linn antaibheathaigh nua a fhorbairt

  • Dlúthghairm de fhear le gruaig dhorcha agus liath agus féasóg, ag caitheamh cóta saotharlainne bán leis an téacs bróidnithe 'UHW Medical Biochem' le feiceáil ar an taobh clé, ina sheasamh i saotharlann nó i gcógaslann le seilfeanna soláthairtí agus boscaí sa chúlra.

    Imdhíoneolaí

    Taighde ar fhreagairtí imdhíonachta ar ionfhabhtú

    Staidéar a dhéanamh ar an gcaoi a dtéann ár gcorp i ngleic le pataiginí, agus conas an t-eolas sin a chur chun tairbhe dúinn i gcúrsaí diagnóisithe, cóireála agus vacsaíní

  • Fear aoibhinn le spéaclaí agus féasóg, ag caitheamh léine bándearg éadrom le cnaipí, laistigh le cúlra doiléir.

    Imdhíoneolaí

    Taighde ar neamhoird imdhíonachta

    I gceannas ar fhoireann eolaithe arb é is rún dóibh na cúiseanna le paiteolaíochtaí sa chóras imdhíonachta a fháil amach agus cóireálacha a fhorbairt ina leith

  • Bean le gruaig fhada donn ag miongháire ar an gceamara ar thrá gaofar, le gaineamh, féar agus aigéan sa chúlra.

    Bainisteoir Rannpháirtíochta

    Taighde a dhéanamh i gcomhar leis an bpobal; an pobal a chur ag déanamh a dtaighde féin

    Rannpháirtíocht a chothú i measc an phobail ó thaobh taighde agus teagasc eolaíochta; daoine óga a spreagadh chun dul le heolaíocht nó le leigheas mar ghairm bheatha

  • Fear óg le gruaig dhonn éadrom, ag miongháire, ag caitheamh léine gorm éadrom le cnaipí agus cóta bán, i gcoinne cúlra béis.

    Eolaí Sonraí

    Anailísiú sonraí agus léirshamhlú

    Dianríomhaireacht a dhéanamh, pátrúin a aithint, agus samhlacha a fhorbairt lena mínítear torthaí an taighde atá déanta ag lucht eolaithe agus leighis, agus lena ndéantar tuartha dá réir

  • Bean ag miongháire le gruaig ghearr dhorcha, agus cluaise uirthi, i seomra le saothar ealaíne agus plandaí sa chúlra.

    Múinteoir Bunscoile

    Na hábhair ETIM a mhúineadh sa bhunscoil

    Daltaí a spreagadh chun fiosrachta, chun iniúchta agus chun dúcheisteanna a oibriú amach. An sprioc: preab a bhaint astu agus iontais na heolaíochta á gcur faoina mbráid

  • Fear aoibhinn le gruaig ghearr dhonn agus féasóg, ag caitheamh geansaí dearg, ina shuí i gcoinne balla simplí geal.

    Múinteoir Meánscoile

    An eolaíocht a mhúineadh sa mheánscoil

    Ábhar eolaíochta a chur faoi bhráid déagóirí ar bhealach intuigthe suimiúil

  • Bean óg le gruaig ghearr dhonn, ag miongháire go héadrom, i gcoinne cúlra simplí.

    Bithcheimiceoir

    Taighde a dhéanamh ar phróisis cheimiceacha na beatha

    Staidéar a dhéanamh ar an gceangal idir an córas imdhíonachta agus an téachtadh fola; an chaoi a dtéann daoine áirithe ar fán agus iad ar chonair na hailtireachta - nó go dtiontaíonn ina n-eolaithe déanta

  • Dlúthghraf de dhuine le gruaig ghearr, fhionn biorach agus léine sheicéadach bándearg agus bán uirthi i gcoinne chúlra bán.

    Dochtúir Galar Tógálach

    Cúram cliniciúil a dhéanamh d'othair

    An chaoi a ndéanann dochtúirí bunchúis na siomptóm atá ag cur ar othar a dhiagnóisiú agus an chaoi a ndéanann siad amach an chóireáil atá ag teastáil

  • Dlúthghraf de bhean le gruaig fhionn go dtí a guaillí ag miongháire ar an gceamara.

    Iriseoir Eolaíochta

    Eolaíocht sna meáin chumarsáide

    Fionnachtana na n-eolaithe a fhógairt don domhan mór

  • Bean le craiceann geal agus gruaig fhada donn chatach ag glacadh selfie dlúth istigh.

    Dochtúir Galar Duán

    Taighde a dhéanamh ar an gcliseadh duánach

    An chaoi a gcuireann ionfhabhtuithe isteach ar fheidhmiú na nduán, agus an chúis lena dtéann eolaithe i leith TikTok agus Instagram uaireanta

  • Dlúthghrianghraf de bhean le gruaig dhonn, spéaclaí agus seaicéad dubh, amuigh faoin aer in aice le corp uisce le báid agus ráille.

    Bainisteoir Saotharlainne

    Bheith i bhfeighil saotharlann taighde

    Cúnamh a thabhairt do thaighdeoirí, oiliúint a chur ar bhaill nua foirne, turgnaimh thábhachtacha a reáchtáil; bíonn an bainisteoir saotharlainne an-eagraithe go deo

  • Portráid dubh agus bán de bhean óg le gruaig fhada chatach ag miongháire ar an gceamara.

    Cumarsáid Eolaíochta

    Imeachtaí, taispeántais, ceardlanna agus eile

    Cúrsaí eolaíochta a chur ar a súile d'óg agus d'aosta agus rannpháirtíocht an phobail a spreagadh i ngníomhartha eolaíochta

  • Fear le gruaig ghearr dhorcha, ag caitheamh léine dhubh, ina shuí istigh in aice le fuinneog le cuirtíní.

    Dochtúir Dianchúraim

    Othair atá i mbaol báis

    Ag déanamh cúraim d'othair a bhfuil dianchúram de dhíth orthu, agus taighde a dhéanamh ar conas is féidir feabhas a chur ar dhiagnóisiú agus ar bhainistíocht othair i mbaol báis

  • Dlúthghraf de bhean le gruaig ghearr dhonn, ag caitheamh spéaclaí móra tortoise agus ag miongháire ar an gceamara.

    Fiaclóir

    Tinneas fiacaile a sheachaint agus a chóireáil

    Idirdhealú a dhéanamh idir na cásanna ina mbeidh antaibheathaigh ag teastáil agus na cásanna nach mbeidh; an tuiscint gur leas do choirp is ea aire a thabhairt do d'fhiacla

  • Portráid de bhean le gruaig dhorcha go dtí a guaillí, barr dubh uirthi, agus í ag miongháire i gcoinne cúlra bán.

    Oifigeach Maoinithe Iontaobhas Wellcome

    Maoiniú i gcomhair taighde

    Ag tacú le heolaithe chun a dtionscadail taighde a fhorbairt, a chur sa siúl agus a bhainistiú


➡️ Cuir Aithne ar na hEolaithe

Seo deis duit bualadh le heolaithe ina steillbheatha.

Inseoidh siad duit faoina ndéanann siad, conas a dhéanann siad é, agus tabharfaidh siad ar chamchuairt fhíorúil timpeall a saotharlainne thú, fiú amháin.

Níl ort ach do chóta saotharlainne a chur umat agus a bheith istigh linn!

 

➡️ Scéalta

Déan dreas beag brabhsála i gcúinne léitheoireachta an tsuímh seo.

Scéalta iontacha ina gcuirtear síos ar na fionnachtana móra eolaíochta agus leighis is tábhachtaí i stair an chine dhaonna. Go mbaine tú taitneamh astu!

Sea anois, druid isteach i gcóngar na tine agus neosfar scéal duit!