Fungais

Murab ionann agus na baictéir agus na víris, bíonn níos mó ná aon chill amháin sna fungais. Dá bhrí sin, cuid acu, áirítear mar mhiocrorgánaigh iad. Cuid eile, ní áirítear mar mhiocrorgánaigh iad.

Is nithe aisteacha iad na fungais mar is féidir leo a gcruth a athrú de réir na timpeallachta nó de réir na teochta. Cé gur féidir le fungais áirithe a bheith ina gcúis ionfhabhtaithe, den chuid is mó bíonn ról ríthábhachtach ag fungais i gcúrsaí dianscaoilte (rudaí a bhriseadh síos) agus in athchúrsáil cothaitheach agus mianraí sa chomhshaol.

Is iomaí gnó a bhíonn againn féin de na fungais: mar atá, giosta lena ndéantar arán agus beoir - agus taos le haghaidh píotsaí! Na hantaibheathaigh lena ndéanaimid ionfhabhtuithe giosta a chóireáil, is a bhuí leis na fungais iad a bheith againn, mar is amhlaidh a thángamar orthu agus iad á ndéanamh ag na fungais cheana féin!