Éagsúlacht Bhaictéarach

Cuirimis aithne ar bhaictéir!

Orgánaigh phrócarótacha is ea baictéir; is iomaí cruth a bhíonn orthu agus is iomaí méid a bhíonn iontu.

Cuid acu, is cosúil le wotsits iad; cuid eile, bíonn cruth liathróide orthu; cuid eile fós, bíonn siad lúbarnach liobarnach ar nós péist talún. Is féidir baictéir a bheith ag póirseáil thart ina n-aonar, nó is féidir roinnt acu a bheith bailithe le chéile ina slabhra nó ina gcnuasach baictéar.

Is minic a thugtar ‘bachaillín’ ar bhaictéar a bhfuil cruth slaite air, nó ‘bachaillíní’ san uimhir iolra. ‘Cocas’ a thugtar ar bhaictéar a bhfuil cruth cruinn air, agus ‘cocais’ san uimhir iolra, ar ndóigh.

Féach thíos ar chuid de na cruthanna is coitianta dá mbíonn ar bhaictéir. Cliceáil ar na pictiúir chun a fháil amach cad iad na baictéir a mbíonn na cruthanna seo orthu.

An gcuireann cruthanna na mbaictéar rudaí eile sa saol i gcuimhne duit - gnáthrudaí a fheiceann tú gach lá, cuir i gcás?

Cliceáil anseo chun ár 'Scéal Superbugs le haghaidh Páistí' a íoslódáil i bhfoirm PDF.

Bachaillín (slat)

Bachaillín (slat)

Dipleabhachaillín

Dipleabhachaillín

Slabhra bachaillíní

Slabhra bachaillíní

Bachaillín pailise

Bachaillín pailise

Cocas (aonair)

Cocas (aonair)

Dipleachocas

Dipleachocas

Teitread (4 chocas)

Teitread (4 chocas)

Cnuasach cocas

Cnuasach cocas

Slabhra cocas

Slabhra cocas

 
Slat cuartha

Slat cuartha

Spirilleam

Spirilleam

Spireacaet

Spireacaet

 

Gníomhartha Ranga/Baile

Faigh roinnt balún duit féin agus féach an féidir leat cruthanna baictéar a chur orthu!

Ansin, cuir aghaidheanna greannmhara orthu le marcóir.

É sin nó ábhair ealaíne eile a tharraingt chugat — marla, mar shampla. Nó brioscaí a dhéanamh san oigheann, agus cruthanna baictéar orthu.

Taispeáin do chuid iarrachtaí is fearr agus seol chugainn iad!
Nuair a bheidh deireadh déanta agat, cuir chugainn pictiúir de na rudaí a rinne tú!


➡️ Baictéir ar an Taobh Istigh

Seans nach bhfuil aon róchuma orthu ar an taobh amuigh, ach ar an taobh istigh is cosúil le monarchana na baictéir - monarchana ina bhfuil cuid mhaith meaisíní difriúla, iad go léir ag obair i bpáirt le chéile!