Ball Coirp: Craiceann agus fíochán bog
Ionfhabhtú: Aon ghearradh nó scríob a fhaigheann tú, tugann sé deis do na baictéir atá ag fás ar do chraiceann ropadh leo isteach faoin gcraiceann féin agus ionfhabhtú a thosú. Uaireanta ní bhíonn ann ach ionfhabhtú éadrom, ach sna cásanna is measa is féidir faiscíteas neacróiseach (‘an craiceann á ithe’) a theacht dá bharr.
Siomptóim: Ionfhabhtuithe éadroma = dath dearg ar an gcraiceann, é athlasta agus tochas air, é cuibheasach nimhneach. Faiscíteas neacróiseach = Pian uafásach, teocht in airde, at, cur amach, balscóidí dorcha faoi bhun an chraicinn a thiontaíonn ina gcloig ar bharr an chraicinn.
Baictéir:
Staphylococcus aureus
Streptococcus pyogenes