Staphylococcus aureus.jpg

Staphylococcus aureus

 

Cocas is ea seo a fhásann ina chnuasaigh ar nós caor fíniúna.

Gnáth-mhiocrób de na cineálacha miocrób a bhíonn i gcorp an duine (Béarla: "microbiota") is ea Staphylococcus aureus. Sa scornach, sa tsrón agus ar an gcraiceann a bhíonn sé go hiondúil. Má bhíonn féin, tá tréithchineálacha de ann ar féidir iad a bheith ina gcúis ionfhabhtuithe as nós easpaí (neascóidí gránna!), ionfhabhtuithe riospráide agus nimhithe bia.

Fadhb dhomhanda anois is ea S. aureus a bheith tagtha chun cinn mar is "Frídín Urchóideach" go fírinneach é, go háirithe an cineál S. aureus atá frithsheasmhach in aghaidh meiticilline (MRSA).