Streptococcus pneumoniae
Cill bhaictéarach é seo atá chomh cruinn le liathróid.
Ní ina n-aonar is béas leis na cocais a bheith ag gabháil thart. Is túisce iad a bheith bailithe le chéile agus eagar áirithe orthu faoi mar a léirítear ar an suíomh gréasáin seo - bíonn siad ina mbeirteanna (dipleacocas), ina gceathrair (teitrid), ina gcnuasaigh nó ina slabhraí.
Is minic Streptococcus pneumoniae a bheith ag fás go nádúrtha inár gcorp féin, gan aon dochar á dhéanamh aige — agus is é a thugtar air sin ná baictéar comhthíosach. Go domhain istigh i gcuas do shróine a bhíonn sé go hiondúil.
Ach fan go fóillín, a Phóilín! Uaireanta tapaíonn sometimes Streptococcus pneumoniae an deis chun galar a chur siar ar dhaoine atá tinn cheana féin. Sa chás sin, tosaíonn sé ag fás san fheadán anála nó go ndéanann damáiste do na scamhóga. ‘Niúmóine’ a thugtar air sin (ionfhabhtú scamhóige). 🤒
Sa Ríocht Aontaithe, déantar gach uile pháiste a ghearradh in aghaidh Streptococcus pneumoniae ó bhí 2010 ann (is é sin, tugtar vacsaín in aghaidh an bhaictéir sin do gach páiste).