Faoi réir Lainseála 🇬🇧🏴🏴🇮🇪

Suíomh gréasáin oiliúna is ea seo chun cur le feasacht an phobail i dtaobh an tsaoil mhiocróbaigh atá ionainn, umainn agus farainn. Tá sé ar fáil i mBéarla, i mBreatnais agus i nGàidhlig na hAlban.

Arna dhearadh agus arna fhorbairt i gcomhar le múinteoirí bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna ar fud na Breataine Bige. Acmhainn foghlama saor in aisce is ea seo ar féidir le daltaí scoile aois a 5-16 úsáid a bhaint as sa seomra ranga nó sa bhaile.


Is é a thug orainn tabhairt faoin tionscadail seo ná an rath a bhí ar ‘Superbugs: An Siopa Eolaíochta Siúlach’, ócáid a reáchtálamar in St David's Centre, Cardiff le linn laethanta saoire 2019. Tuairim is 6,600 duine a thug cuairt ar ár seastán i gcaitheamh an dá sheachtain a bhíomar ann.

An uaillmhian is bun le Superbugs, agus an t-ábhar go léir a ghabhann leis, tá siad go hiomlán i gcomhréir leis na ceithre chuspóir a luaitear i gCuraclam nua na Breataine Bige agus is ábhartha iad le gach ceann de na sé réimse foghlamtha agus taithí a luaitear sa churaclam céanna.

Is éasca úsáid a bhaint as an suíomh seo agus tá an-chuid ábhar éagsúla le fáil ann. Ina measc sin tá tráthanna na gceist, PDFanna is féidir a íoslódáil, míreanna beochana, scéalta arna léiriú le pictiúir, amlínte idirghníomhacha, cluichí agus na prótacail uile a bhaineann le turgnaimh a dhéanamh sa bhaile.

Ní ar bhealach saintreorach a chuirtear na hábhair sin ar fad i láthair. Is é is rún dúinn a chur ar chumas múinteoirí agus daltaí araon úsáid a bhaint as na hábhair díreach de réir a mianta nó a riachtanas féin. Sa bhreis air sin, is féidir an suíomh seo a úsáid chun an t-eolas is déanaí a fháil faoi imeachtaí eolaíochta agus deiseanna atá ar fáil sa Riocht Aontaithe.

 

Faoi chaibidil

• Buneolas ar an mbeatha, ar an éabhlóid agus ar na baictéir

• Ionfhabhtú, comhthíosaigh agus na miocróib inár dtimpeall

• Galair, antaibheathaigh agus an frithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach

• An chaoi a n-oibríonn vacsaíní

 

7 mbealach chun úsáid a bhaint as Superbugs

  1. Iarr ar dhaltaí ábhair an tsuímh a iniúchadh de réir a dtola féin. Tabhair tréimhse ama shonrach dóibh (15-30 nóiméad) agus iarr orthu tuairisc a thabhairt duit faoina bhfuil faighte amach acu. D'fhéadfaí an tasc sin a thabhairt mar obair bhaile ina mbeadh ar dhaltaí 2-3 phointe shuimiúla - nó "fíricí fánacha" - a chur faoi bhráid an ranga an chéad cheacht eile.

  2. Bain úsáid as ‘An Cúinne Léitheoireachta’ chun stair na bhfionnachtana eolaíochta a bhreathnú agus eolas a chur ar na pearsana faoi deara iad. Deis is ea sin chun naisc thraschuraclaim a chruthú: an eolaíocht agus an stair, cuir i gcás, nó an eolaíocht agus an litearthacht. Iarr ar dhaltaí ceann de na scéalta a léamh (15-30 nóiméad) agus é a phlé i mbeirteanna nó i ngrúpaí.

  3. Cuir ‘Slí na Taiscéalaíochta’ i láthair do dhaltaí agus taispeáin dóibh na míreanna a bhaineann léi (1-3 cheacht). Mar thoradh foghlamtha, d'fhéadfaí a iarraidh ar dhaltaí ábhar ar leith a chur i láthair i bhfoirm póstaeir, faoin teideal, "Cad é an rud é frithsheasamh in aghaidh antaibheathach?" nó "Cén chaoi a n-oibríonn vacsaíní?"

  4. Do dhaltaí óga, is féidir bileoga dathadóireachta faoi bhaictéir a íoslódáil agus a phriontáil amach.

  5. Cuidigh le daltaí turgnamh a dhéanamh de réir an rogha prótacal atá anseo (1-3 cheacht). D'fhéadfaidís a bplátaí agair féin a ullmhú, cuir i gcás, agus maipíneacht a ghlacadh díobh féin nó de nithe timpeall orthu. Ina dhiaidh sin, d'fhéadfaidís na torthaí a thaispeáint don rang agus/nó na torthaí a chur faoi bhráid fhoireann Superbugs

  6. Tabhair cead do dhaltaí triail a bhaint as an rogha cluichí atá ar an suíomh seo. Cluichí iad ar fad a bhaineann le comhthéacs eolaíochta ar leith, ach san am céanna is féidir iad a imirt gan aon róthuiscint a bheith ag an dalta ar an eolaíocht ar a bhfuil siad bunaithe

  7. Le linn lá gairmthreorach nó laistigh de cheacht eolaíochta féin, taispeáin an mhír ‘Saol an Eolaí’ do dhaltaí le go bhfeice siad na róil éagsúla a bhíonn ag daoine atá ag obair in earnáil na heolaíochta agus na cúiseanna lena ndeachaigh siad leis an ngairm bheatha sin. Más ócáid speisialta é d'fheadfaí eolas an tsuímh seo a thionlacan le craoladh beo a gcuirfeadh daltaí aithne ar eolaithe lena linn, agus ina ndéanfaí taispeántais bheo, cuairteanna a thabhairt ar shaotharlann, nó ina mbeadh seisiúin cheisteanna agus freagraí.

 

Téigh i dteagmháil linn

superbugs@cardiff.ac.uk

www.superbugs.online/meet-the-team

@CUsuperbugs

Matthias Eberl

Tá an tOllamh Eberl i gceannas ar meitheal taighde ag Ollscoil Cardiff atá ag fiosrú fhreagairt imdhíonachta an choirp in aghaidh géarionfhabhtuithe baictéaracha. Is ball lárnach d'fhoireann Superbugs é.

Roimhe seo
Roimhe seo

Albam grianghraf: Exeter 2023

Ar Aghaidh
Ar Aghaidh

Táimid ar ais beo - an uair seo in Exeter! 🧫