Vacsaíniú

Éacht an leighis agus na heolaíochta comhaimsire. 💉

Rud an-chliste a dhéanann na vacsaíní. 🤓

Baineann siad leas as bua mór an chórais imdhíonachta: go mbíonn cuimhne aige ar ionfhabhtuithe a ndeachaigh sé i ngleic leo roimhe seo, agus forbraíonn siad rud ar a dtugtar ‘imdhíonacht chosanta’ — is é sin, cosaint ar ionfhabhtú a tholgadh faoi dhó.

I bhfocail eile, féachann vacsaíní le do chóras imdhíonachta a spreagadh chun díonacht a dhéanamh in aghaidh pataigine, díonacht atá an-chosúil leis an díonacht a dhéanfadh sé uaidh féin dá mbeadh ionfhabhtú ag iarraidh lonnú i do chorp. Is minic an díonacht seo níos fearr ná an ghnáth-dhíonacht, fiú amháin.

Uaireanta is cosaint iomlán a thugann an vacsaín duit, agus caolseans ansin go gcuirfidh an t-ionfhabhtú tinneas ort in aon chor. I gcásanna eile, is leath-chosaint a thugann sé duit, i dtreo nach mbíonn tú leath chomh tinn agus a bheifeá gan an vacsaín a bheith faighte agat.

Chuige sin, bíonn dhá mhórchineál vacsaíne ann:

  1. Instealladh de leagan beo den phataigin féin a bhfuil an dochar ar fad bainte as (‘vacsaín chaolaithe’). Ionfhabhtú éadrom a thiocfaidh ort sa chás sin (seans maith nach dtabharfaidh tú faoi deara é, fiú amháin).

  2. I gcas vacsaíní eile, iarraidh bheag den phataigin is ea a bhíonn iontu, rud nach gcuirfidh aon ionfhabhtú beo ort, ach is leor é chun go dtabharfaidh do chóras imdhíonachta freagairt chosanta imdhíonachta ina aghaidh. Baictéir nó víris bhrúite dhíghníomhaithe a bhíonn san instealladh uaireanta, nó comhábhair íonaithe ar nós próitéiní víreasacha, nó fós móilín áirithe ar a dtugtar mRNA.

Formhór na vacsaíní, tugann siad cosaint in aghaidh ionfhabhtaithe trí antasubstaintí sonracha a tháirgeadh in aghaidh na pataigine agus trí T-chealla agus B-chealla cuimhneacháin a ghiniúint. Is féidir go mairfidh cuimhne na pataigine ar feadh na mblianta, nó go deireadh do shaoil, fiú amháin! I gcásanna eile, is féidir go mbeidh ‘teanndáileog’ ag teastáil ó do chóras imdhíonachta chun cuimhne na pataigine a athnuachan.

Mórán do dhála féin agus tú ag dul siar ar do nótaí roimh scrúdú scoile.

8 Nollag 2020: in aois a 90 bliain di, ba í Maggie Keenan, bean de bhunadh Coventry, an chéad duine ar domhan a fuair an vacsaín nua-cheadaithe in aghaidh Covid-19.

 

Íoslódáil an íomhá seo anseo.

Íoslódáil an íomhá seo anseo.

Íoslódáil an íomhá seo anseo.


Bileog dhátheangach ina bhfuil cur síos ginearálta ar an nós imeachta maidir le himdhíonadh do leanaí. (Public Health Wales)

 
 

Más maith leat níos mó eolais a fháil ar vacsaíniú, téigh chuig leathanach íoslódála an tsuímh seo, mar a bhfuil acmhainní iontacha, ina measc an “Treoir maidir le leanaí a vacsaíniú” ón British Society for Immunology agus an “Treoir Fhísiúil maidir le Vacsaíní” ó Public Health England.


Comhghairdeachas!

Tá deireadh Shlí na Taiscéalaíochta bainte amach agat.

Cad ba mhaith leat a dhéanamh anois?

Téigh siar chuig an leathanach baile ANSEO


➡️ Saol an Eolaí

Is fearrde an domhan na heolaithe – ach cad a dhéanann siad go beacht?

➡️ Scéalta

Scéalta iontacha ina gcuirtear síos ar na fionnachtana móra eolaíochta agus leighis is tábhachtaí i stair an chine dhaonna. Go mbaine tú taitneamh astu!

➡️ Superbugs Wordle

Déan iarracht ár 'Wordle' puzzles i chomh beag iarracht agus is féidir!