An Cine Daonna: Féasta Fial Flaithiúil

Bíonn baictéir á n-iompar timpeall againn an t-am go léir, inár gcorp istigh agus ar ár gcraiceann.

“Féasta fial flaithiúil” is ea do chorp ag na baictéir — féach go bhfuil tú líonta lán suas le cothaithigh (bia), le mianraí, le próitéin agus le carbaihiodráit - na rudaí ar fad a mbíonn na miocróib beo orthu. Go deimhin féin, is mó líon na miocrób atá ag taobhú do choirp ná líon na gceall daonna atá ionat! Is mó a bhaineann baictéir ná daonnacht leat, a dhuine!

Agus buíochas mór le Dia go bhfuil an scéal amhlaidh!

Nasal cavity Mouth Brain Skin and soft tissues Skin and soft tissues Stomach Small intestine Large intestine Heart Lungs Blood circulation Blood circulation

Formhór na mbaictéar atá ionainn, déanann siad a gcion féin chun sinn a choinneáil sláintiúil.

Seo na rudaí a dhéanann siad:

  • Cuireann feabhas ar ár gcóras imdhíonachta, le gur fearr a throidfidh sé in aghaidh ionfhabhtuithe

  • Gineann fuinneamh agus cothaithigh is féidir le cealla ár gcoirp a úsáid

  • Faigheann réidh le ceimiceáin tocsaineacha (nimhiúla) a thagann isteach inár gcorp

  • Cabhraíonn chun bia a dhíleá

  • Cabhraíonn lenár gcraiceann agus ár stéig a choinneáil sláintiúil

Féach ar an gcorp daonna.

Corp sláintiúil é seo. Cliceáil ar na codanna difriúla de chun a fháil amach cad iad na baictéir a bhíonn ag fás iontu, go fiú nuair nach mbímid tinn!

Is é a thugaimid ar na gnáthbhaictéir seo ná baictéir chomhthíosacha. Úsáidtear an focal "flóra" freisin; orgánaigh de chuid fhlóra ár gcoirp iad. Is é sin le rá gurb iad ár n-orgánaigh mhuinteartha féinig iad!

Ár gcairde agus ár gcomhbhádóirí iad, gan aon agó!


➡️ Ceist uimhreacha atá ann

An chaoi a bhfásann baictéir, agus an chaoi ar féidir leo líon ábhalmhór ceall a tháirgeadh in imeacht cúpla uair an chloig.