Ceist Uimhreacha Atá Ann

Cuir eolas ar an gcaoi a bhfásann na baictéir.

I gcás daoine, de ghnáth bíonn tuismitheoirí 20-40 bliain níos sine ná a bpáistí.

I gcás na hamstar 🐹, uaireanta ní bhíonn sa bhearna aoise sin ach 6 seachtaine. I gcás na muiscítí 🦟, 10 lá a bhíonn ann

Ach i gcás an bhaictéir E. coli 🦠, ní bhíonn i gceist ach 20 nóiméad!

Is é an chaoi a dtéann baictéir i líonmhaire ná go scarann siad; is é sin le rá go ndéanann siad dhá leath díobh féin. ‘Iníonchealla’ is ea an dá chill nua sin, iad díreach cosúil lena chéile. I mbeagán focal, má bhíonn cill bhaictéarach amháin agat, agus má chuireann tú na sólaistí breátha blasta go léir ar fáil di (siúcra, salainn, uisce, roinnt cothaithigh speisialta ar nós aimíonaigéad), tar éis 20 nóiméad is 2 bhaictéar a bheidh agat.

20 nóiméad ina dhiaidh sin, beidh 4 bhaictéar agat. 20 nóiméad eile agus is 8 gcinn de bhaictéir a bheidh agat.

Déanann líon na gceall E. coli dúbailt gach nóiméad 20, rud a chiallaíonn gur féidir le baictéir méadú ar líon na gceall go han-tapa ... Féach ar an ngraf agus féach cad a chiallaíonn sé seo thar thréimhsí fada ama!

Tagann méadú faoi dhó ar líon na gceall E. coli gach 20 nóiméad, rud a chiallaíonn gur féidir leis na baictéir dul i líonmhaire go han-tapa ar fad... Féach ar an ngraf chun a fháil amach cad é an toradh a bhíonn ann nuair is tréimhse fhada ama a bhíonn i gceist!

Fás an bhaictéir E. coli, ag tosú le cill amháin ag a 9:00 a chlog. Léirítear an t-am leis an x-ais ag an mbun. Léirítear líon na gceall baictéarach leis an y-ais ar chlé. Is é a thugtar ar an gcaoi a dtéann cuar an ghraif i ngéire ná "fás easpónantúil".

In imeacht ama mar sin, fásann an baictéar beag bídeach nach féidir leat a fheiceáil gan mhicreascóp, fásann sé ina mheall baictéar ar a dtugtar ‘coilíneacht’ - agus atá anois ina spota ar an bpláta agair is féidir leat a fheiceáil le do shúile cinn.

Ó aon bhaictéar amháin a thagann gach coilíneacht den chineál sin ó cheart. Mar sin de, is éasca go leor líon na mbaictéar a bhí agat ag tús an turgnaimh a chomhaireamh.

Anois, cuir i gcás go bhfuil turgnamh ar bun agat, agus gur chuir tú aon bhaictéar amháin ar phláta agair ag a 9:00 ar maidin.

Tá a fhios againn gur 8 mbaictéar a bheidh agat ag a 10:00. Ach cé mhéad díobh a bheidh agat ag a 12:00, ag a 16:00, agus ansin ag a 21:00? 🤔

Cé mhéad baictéar a bheidh agat ag a 6:00 an mhaidin dar gcionn, ag glacadh leis go bhfuil a ndóthain cothaitheach agus spáis acu chun a bheith ag scaradh (ag déanamh dhá leath díobh féin) arís is arís gan sos gan staonadh? ⏰


Féach an féidir leat an freagra ceart a thabhairt ar na ceisteanna seo thíos.

Cliceáil ar na brataigh thíos chun Quiz beag a dhéanamh:


➡️ Do Chuid Miocrób Féin a Fhás

Féach ar na baictéir atá ar do chraiceann, agus na baictéir a bhfuil cónaí orthu i do bhéal, i do chluasa agus i do shrón. Cuir aithne ar na baictéir atá ag póirseáil thart ar scáileán salach do ghutháin!