Frithsheasmhacht in aghaidh Antaibheathach

Cad é an rud é frithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach?

So-ghabhálach vs Frithsheasmhach.png

Nuair a mharaítear baictéar le hantaibheathaigh, is é an cur síos a thugaimid ar an mbaictéar sin ná go bhfuil sé ‘soghabhálach i leith antaibheathach’.

I mbeagán focal, tugaimid ‘frithsheasamhach in aghaidh antaibheathach’ ar aon bhaictéar nach féidir a mharú ná a ghortú le hantaibheathach.


Impleachtaí na frithsheasmhachta in aghaidh antaibheathach

Is é bun agus barr an scéil ná seo: nuair is baictéar frithsheasamhach in aghaidh antaibheathach atá i gceist, ní oibríonn na hantaibheathaigh.

Ní haon dea-scéal é sin nuair a bhíonn dochtúirí ag iarraidh cóir leighis a chur ar dhaoine atá tinn de dheasca ionfhabhtaithe. Mura n-oibríonn na hantaibheathaigh, ní féidir linn an t-ionfhabhtú a chóireáil. Fágann sin gur faide an tréimhse a mhairfidh an tinneas. Féadfaidh sé gur IN OLCAS a rachaidh sé. Sna cásanna is measa de, féadfaidh sé go bhfaighidh an t-othar bás.

Mar gheall air sin tuigfear chomh tábhachtach is atá sé taighde a dhéanamh le go dtuigfimid na cúiseanna lena n-éiríonn baictéir frithsheasamhach, an chaoi a leathann siad ó dhuine go duine agus an chaoi a leathann siad ar fud an domhain.

Samhlaigh dá mbeadh orainn a bheith ag maireachtáil i saol gan antaibheathaigh, faoi mar a bhí ann fadó!

Leathanach ón ngreannán ficsin eolaíochta "Resist NOW!" .

 

Chun saol gan antaibheathaigh a shamhlú duit féin, féach ar an bhfíseán seo de chumadóirí ceoil agus pianódóirí mór le rá a mhair san aimsir sular tháinig ann do na hantaibheathaigh.

Wolfgang Amadeus Mozart, Henry Purcell, Franz Schubert agus Frédéric Chopin: laochra móra an cheoil iad ar fad - ach fuair siad bás agus iad i bhfad ró-óg. Ní raibh siad ach sna 30idí nó sna 40idí nuair a bhásaigh siad de bharr aimhréidheanna a bhain le hionfhabhtuithe miocróbacha.

Dá mbeadh antaibheathaigh an lae inniu ar fáil an aimsir inar mhair siad, thiocfaidís go léir slán.

Samhlaigh an ceol a bheadh cumtha acu ina dhiaidh sin! Samhlaigh na coirmeacha ceoil a bheadh tugtha acu ach iad a mhaireachtáil níos faide agus an tsláinte go maith acu!


➡️ An chaoi a scaipeann frithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach

Cuir eolas ar an gcaoi a dtagann na frídíní is urchóidí amuigh chun cinn agus an gcaoi a scaipeann siad ó dhuine go duine agus uaidh sin ar fud an domhain