Mar a Scaipeann Frithsheasmhacht in Aghaidh Antaibheathach

Gan na hantaibheathaigh a úsáid mar is ceart.

Nuair a thugann dochtúir oideas le haghaidh antaibheathaigh duit, bíonn saintreoracha ag gabháil leis; is é sin, cé mhéad den antaibheathach is ceart a ghlacadh, cathain é a ghlacadh, agus ar feadh cé mhéad ama. Cad is cúis leis sin go léir, meas tú?

Déantar na saintreoracha a leagan amach ionas go bhfaighidh tú díreach an méid den antaibheathach atá ag teastáil ó do chorp chun an t-ionfhabhtú a chóireáil. Mura nglacann tú iomlán an antaibheathaigh a tugadh duit, ní bhfaighidh tú an méid a bhí ag teastáil, agus fágfar líon áirithe de na baictéir fós beo i do chorp i ndiaidh na cóireála.

Seans mar sin go mbeidh tú fós tinn. Anuas air sin, cuirfidh sé ar a gcumas do na baictéir éirí frithsheasmhach in aghaidh an antaibheathaigh a tugadh duit. Agus is deacra a bheidh sé cóir leighis a chur ort ansin.

 

Féach ar an gcartún agus ar an gcluiche seo.

Faigh amach conas mar a bhíonn an scéal i gcás ionfhabhtú baictéarach nach bhfuil ann ag an tús ach cill amháin, ach ansin a fhásann ina líon ceall baictéarach, agus ar deireadh thiar, a bhféachtar lena chóireáil le hantaibheathaigh.

 

Na baictéir — is iad atá flaithiúil scaipeach!

 

Éist le Jon Tyrrell, duine dár bhfoireann féin, agus é ag cur síos ar an gcaoi a n-oibríonn na hantaibheathaigh, agus, rud tábhachtach, an chaoi a n-éiríonn siad frithsheasmhach in aghaidh antaibheathach —  agus cad a bhíonn i ndán d'othair a bhfuil ionfhabhtú orthu ina dhiaidh sin.

Féach ar ár gcuid físeán eile. Ar ár gcainéal YouTube féin a gheobhaidh tú iad. Ní ródhona mar chainéal é ach oiread!


➡️ Paindéim Dhomhanda

Breathnaigh ár n-ionsamhluchán ina léirítear conas is féidir le hionfhabhtuithe a bheith ina gcúis le paindéimí móra millteacha.