Turgnaimh Bhaile

Déan do chuid taighde eolaíoch féin.

Is le linn dóibh a bheith ag obair ag baile a rinne mórán eolaithe agus aireagóirí na fionnachtana is tábhachtaí dár ndearnadh riamh.

B'fhéidir go gcuirfí d'ainm féin le liosta na n-eolaithe móra lá éigin — bain úsáid as na prótacail thíos agus beidh do chéad chéim mar eolaí curtha díot agat!

Cuir chugainn grianghraif de do chuid turgnamh agus a dtorthaí — de na cinn ar éirigh leo mar aon leis na cinn ar thit an tóin astu!

Ná buair do chloigeann mura n-éiríonn le do chuid turgnamh ar an gcéad iarracht. Cuimhnigh ar na heolaithe mór le rá a ndearna na fionnachtana ba thábhachtaí riamh díreach toisc go ndeachaigh cúrsaí amú orthu. B'in a tharla i gcás Alexander Fleming mar shampla, tráth a d'fhionn sé peinicillin, agus is féidir leat scéal na heachtra sin a fháil i gcúinne léitheoireachta an tsuímh seo.