Na hAntaibheathaigh á bhFionnadh: Cuid 1
Mar a fionnadh an chéad antaibheathach trí thimpiste i saotharlann mhíshlachtmhar, agus mar a tháinig athrú ó bhonn ar an saol dá bharr
Oíche fhuar Mheán Fómhair i Londain, 1928.
Alexander Fleming, eolaí, ag filleadh óna laethanta saoire in Albain agus, faoi mar is dual d'eolaí taighde, is é a fhaigheann sé roimhe ina shaotharlann ná binse oibre agus é ina chiseach cheart, ó is mar sin a d'fhág sé é nuair a d'imigh sé ar saoire — is é a thugann eolaithe air sin ná "mí-eagar eagraithe".
Rugadh Alexander Fleming in 1881 agus chuaigh le leigheas in Saint Mary's Medical School, Londain. In 1906, agus a chéim bainte amach aige, chuir sé tús lena ghairm bheatha mar thaighdeoir. Go gairid ina dhiaidh sin, chuir sé suim in eolaíocht na n-ionfhabhtuithe, sna baictéir is cúis leo, agus sna substaintí antaiseipteacha a dhéanann díobháil dóibh.
In 1928 bhí Fleming ag obair le baictéar den chineál ar a dtugtar Staphylococcus ("stafalacocas" i nGaeilge). Rud a dhéantar i saotharlanna ná baictéir a chur ag fás ar 'phlátaí agair'; is é atá iontu sin ná glóthach soladaithe atá líonta lán suas le cothaithigh agus bia do bhaictéir
Tharla gur fhág Fleming plátaí agair ina dhiaidh ar a bhinse oibre agus Staphylococcus ag fás orthu.
Ar theacht ar ais óna laethanta saoire dó, fuair sé roimhe pláta lán-Staphylococcus gan chlúdach agus é in aice fuinneoige. Bhí an pláta truaillithe faoin am seo, ó bhí múscán fungais tagtha air — díreach mar a tharlaíonn do bhia tar éis cúpla lá mura gcuireann tú ar ais sa chuisneoir é
Rud ait, chonaic Fleming go raibh na Staphylococcus a bhí ag fás lámh leis an múscán, go raibh siad ag fáil bháis go tiubh. Ní fhéadfadh aon amhras a bheith ann: bhí paiste lom bánaithe agus gan aon rud ag fás air. ‘Crios coisc’ is ea a thugaimid air sin inniu
Féach ar an bpictiúr thíos — seo an rud a chonaic Fleming, a bheag nó a mhór.
Ní nach ionadh, mhúscail sé seo fiosracht Fleming ar an bpointe. Cibé rud a bhí ar siúl ag an múscán sin, ba é a thoradh ná baictéir in aice láimhe bás a fháil. Siúd leis ansin ag lorg fios fátha an scéil!
I dtús báire, fuair sé amach an cineál múscáin a bhí aige ann: fungas darbh ainm Penicillium. Ansin fuair sé amach go dtabharfadh Penicillium a mbás do scata mór baictéar eile chomh maith céanna, baictéir ar chúis iad le mórán galair uafásacha. Ar na galair sin bhí diftéire, gónairith, meiningíteas, agus an fiabhras dearg — rinne Penicillium slad orthu go léir!
Ba é an chéad cheist eile ná, conas faoin spéir a bhí Penicillium ag marú na mbaictéar?
Fuair Fleming amach nárbh é an fungas féin a thug a mbás do na baictéir, ach tál a bhí ag teacht as. Bhí "sú nimhiúil" ar sileadh leis an Penicillium a bhí ag cur cúl ar fhás na mbaictéar. B'in faoi deara an "crios coisc" a chonaic Fleming ag leathadh thart timpeall an Penicillium. Is é an t-ainm a thug Fleming ar an sú fungais seo ná penicillin — agus b'in mar a tháinig ann don chéad antaibheathach ar domhan.
Ní dhearna Fleming aon mhoill ach páipéar eolaíochta a fhoilsiú inar thug sé tuairisc ar na torthaí dochreidte a bhí faighte aige. Ach is beag duine a chuir suim ann, dáiríre. Faraor géar, ní raibh sé d'acmhainn aige, de cheal airgid, a chuid taighde a thabhairt chun cinn mórán níos faide. Ní fhéadfadh sé a oiread sú peinicilline a aonrú agus a bhí ag teastáil uaidh, agus chuaigh an obair i ndísc dá réir.
Lá ní b'fhaide anonn, áfach, thiocfadh beirt eolaithe eile, Ernst Chain agus Howard Florey agus d'éireodh leosan an obair a chur chun cinn - gheobhaidh tú cur síos ar an scéal sin i gCuid 2, a bheidh ag teacht go luath!
Faoi mar a fheiceann tú, caithfidh an t-eolaí a bheith fiosrach agus díograiseach le go mbeidh toradh ar a chuid oibre. Caithfidh sé a bheith de shíor i mbun fiosraithe, ar ndóigh - ach is minic a bhíonn an t-ádh go mór i gceist freisin! Sin rud a thug Fleming féin faoi deara: “Uaireanta, tagann tú ar rud nach raibh á lorg agat in aon chor. Níorbh é mo rún, ar éirí as mo leaba dom an 28ú Meán Fómhair 1928, níorbh é mo rún cúrsaí leighis a iompú bun os cionn agus an chéad scriostóir baictéir ar domhan a fhionnadh. Ach is dócha gurb in díreach an rud a rinne mé."
I gcás Fleming, is amhlaidh gurbh iad an mí-ord agus an mí-eagar faoi deara an fhionnachtain ba thábhachtaí dá raibh riamh ann i gcúrsaí leighis: na hantaibheathaigh! Cuimhnigh air sin an chéad uair eile a iarrfaidh do thuistí ort cruth ceart a chur ar do sheomra leapa. 😉 (Ach, ar chraiceann do chluaise, ná habair leo gur uainne a chuala tú sin)!