Paindéim Dhomhanda

Saol nua-aimseartha: taisteal idirnáisiúnta.

Cé go mbímid inár gcónaí in áit ar leith, is amhlaidh a bhíonn cairde agus comhghleacaithe linn ina gconaí in áiteanna eile. Téimid thar lear ar ár laethanta saoire. Ceannaímid bia, éadaí agus na gléasanna is úire ó áiteanna eile sa domhan. A bhuí leis na modhanna iompair uile atá anois ann (eitleáin, longa, gluaisteáin), is féidir linn dul ag taisteal nó ag trádáil in áiteanna níos faide i gcéin ná riamh cheana, agus is fusa dúinn é freisin.

Ach fad is a bhímid ag taisteal linn ar fud na cruinne, is amhlaidh a bhíonn na miocrorgánaigh a bhfuil cónaí orthu inár gcorp ag teacht in éineacht linn! Tá go maith agus níl go holc, a deir tú - ach cuimhnímis gur féidir le miocrorgánaigh eile a bheith ar iompar againn freisin: na baictéir ar cúis le hionfhabhtuithe iad, cuir i gcás. Daoine ag taisteal anonn is anall: deis iontach ag na pataiginí é sin chun iad féin a scaipeadh ar fud an phláinéid. Agus ná ceapadh aon duine go ligeann siad an deis sin tharstu!

NNíl agat ach féachaint ar COVID-19 más maith leat sampla a fháil d'orgánach ionfhabhtaíoch ar tháinig ann dó in áit ar leith agus a scaip ar fud an phláinéid in achar an-ghairid ama.

Cad é an rud é paindéim mar sin?

Is iomaí galar tógálach atá eindéimeach maidir le pobal ar leith; is é sin, go mbíonn sé i gcónaí ann ach ar leibhéal íseal go leor (ar ‘ráta seasta’), gan aon chur isteach ón taobh amuigh. Chun cás amháin a lua, tá an deilgneach, ionfhabhtú a bhuaileann leanaí, tá sé sin eindéimeach sa Ríocht Aontaithe, ach ní hamhlaidh cás na maláire, ó is galar teochriosach é sin

Is é is eipidéim ann ná ionfhabhtú á scaipeadh gan choinne i measc líon mór daoine in achar an-ghairid ama, agus ar leibhéal i bhfad níos airde ná mar is gnách. De ghnáth is é is cúis le heipidéim ná pataiginí nua nach bhfuil aon díonacht ag an bpobal ina n-aghaidh (an víreas Ebola san Afraic, cuir i gcás), nó pataigin a bhfuil eolas uirthi cheana féin (an fliú séasúrach, cuir i gcás).

Is é is paindéim ann ná galar tógálach á scaipeadh ar fud roinnt ilchríoch nó ar fud an domhain féin, go fiú. Is minic líon mór daoine buailte i gcás paindéime, agus mórán daoine básaithe dá deasca, gan trácht ar chur isteach mór a bheith déanta ar shochaí agus ar gheilleagar na dtíortha atá buailte

Is é an sampla is déanaí de phaindéim dhomhanda ná ráig thubaisteach COVID-19, galar ar tholg na milliúin duine ar fud na cruinne é, agus a bhfuair breis agus 5 mhilliún duine bás dá dheasca ó bhí Eanáir 2020 ann. Ach riamh anall bhí an cine daonna á réabadh ag eipidéimí agus ag paindéimí de gach sórt, idir phlá agus chalar, idir dheilgneach agus phóilió (féach ar an amlíne chun tuilleadh eolais a fháil).

Lucht eolaíochta, lucht leighis agus lucht polaitíochta, caithfidh siad a choinneáil i gcuimhne go bhféadfadh paindéim ní ba mheasa fós a bheith romhainn anois, paindéim arbh iad frídíní frithsheasmhach in aghaidh antaibheathach ba chúis léi, agus go gcaithfidh siad a bheith ullamh lena haghaidh.

Cluiche Paindéime

Bain triail as an gcluiche seo, agus faigh amach an chaoi a n-éiríonn le miocrorgánaigh áirithe iad féin a scaipeadh ó thír go tír!

Is fearr a thuigfidh tú ansin an chaoi ar féidir le galair a bheith ina gcúis le ráigeanna marfacha millteacha a scaipeadh ar fud na cruinne.

Cuir grianghraf scáileáin chugainn den chluiche a d'imir tú nó cuir tvuít chugainn @CUSuperbugs!


➡️ Réamheolas ar Imdhíoneolaíocht

Is fearr is féidir linn troid in aghaidh ionfhabhtuithe ach tuiscint a fháil ar an gcóras imdhíonachta