Ionfhabhtuithe Baictéaracha

Nuair a chuireann baictéir tinneas orainn.

Is fíor le rá - nach fíor? - gur rudaí maithe iad na baictéir (agus miocrorgánaigh eile ar ndóigh). Féach na rudaí ar fad a dhéanann siad chun cabhrú linn, agus féach an ról fíorthábhachtach atá acu sa chomhshaol. Ach an féidir linn codladh ar an gcluas sin ar fad?

Le fírinne, ní féidir a rá gur rud ‘maith’ é gach uile bhaictéar. Tá mórán baictéar agus bóthar eile ar fad á shiúl acu: bóthar na n-ionfhabhtuithe agus na ngalar. De réir na héabhlóide atá siad ar an mbóthar sin. Na baictéir sin ar cúis le galair iad, tugtar pataiginí orthu, nó baictéir phaitigineacha.

Cliceáil ar na baill coirp thíos chun eolas a chur ar chuid de na hionfhabhtuithe is coitianta, agus ar na baictéir ghránna is cúis leo!

Cliceáil anseo chun ár 'Scéal Superbugs le haghaidh Páistí' a íoslódáil i bhfoirm PDF.

Nasal cavity Mouth Brain Skin and soft tissues Skin and soft tissues Stomach Small intestine Large intestine Heart Lungs Blood circulation Blood circulation Bladder
 
 

Cuardach Focal na Tóraíochta Baictéar!

Bain úsáid as na leideanna agus as an eolas ar fad faoi bhaictéir chomhthíosacha chun an Cuardach Focal a dhéanamh.

An féidir leat iad go léir a aimsiú sula n-aimseoidh do chairde iad?

Cuir grianghraf scáileáin chugainn den iarracht a rinne tú! Nó scríobh tvuít ar ár leathanach Twitter @CUSuperbugs!

Cad a tharlaíonn nuair a bhíonn céislíníteas ort?

Breathnaigh samhail 3T de dhuine a bhfuil ‘scornach streipeach’ air.

Baictéar Streipteacociúil Grúpa A (‘streip A’) is cúis leis an ionfhabhtú seo. Ar na siomptóim tá at agus stríoca angaidh ar na céislíní, teanga salach liath, úbhal ata agus nóid limfe ata sa mhuineál - chomh maith leis na gnáthchomharthaí sóirt amhail malaí rocacha agus na súile dúnta go daingean.

Bíonn an t-ionfhabhtú níos tromchúisí i gcás daoine áirithe agus tagann gríos dearg orthu ar a dtugtar an fiabhras dearg.


Gníomhaíocht grúpa:

Cruthaigh cluiche ‘Tomhais cé atá ann!’ duit féin, bunaithe ar Superbugs!

Chun do chluiche féin a chruthú:

  1. Ceannaigh cluiche ‘Tomhais cé atá ann!’.

  2. Íoslódáil an comhad PDF ag an nasc seo.

  3. Déan é a phriontáil ar chairtchlár agus déan na píosaí a ghearradh óna chéile.

  4. Cuir an clár i dtoll a chéile.

Chun an clár a chur in oiriúint duit féin, is féidir leat an comhad Illustrator (.ai) agus do rogha féin pictiúr a chur isteach in áit na bpictiúr agus na n-ainmneacha atá ann cheana féin.

(Sonraí an údair: Prof Samantha Bell, Center for Emerging and Re-Emerging Pathogens and Department of Microbiology, Biochemistry, & Molecular Genetics at Rutgers New Jersey Medical School, USA)


➡️ Amlíne na nAicídí

Breathnaigh na hionfhabhtuithe marfacha millteacha a bhí ann san am atá thart, mar aon leis na fionnachtana eolaíochta lenar tugadh faoi smacht iad.