Buneolas ar an mBeatha

An Bheatha – an mhistéir is mó ar domhan.

Idir fhoraoisí báistí agus ghrinneall na bhfarraigí, idir ghaineamhlaigh theo agus bharr sléibhte: tá an Domhan seo againne líonta lán suas le nithe beo - nithe beo de gach cineál, nithe a bhfuil gach aon chruth faoin spéir orthu.

Má tá féin, tá rud beag amháin i gcoiteann acu go léir.

Is nithe ceallacha iad ar fad; is é sin le rá gur déanta de chealla is ea gach ní beo. I gcásanna áirithe ní bhíonn i gceist ach cill amháin. I gcásanna eile, is féidir na céadta cill a bheith ann, na milliúin chill, na billiúin chill, nó na trilliúin chill, fiú amháin

Cad iad na rudaí iad cealla mar sin?

Nithe beaga bídeacha a bhformhór - iad chomh beag sin gur dofheicthe againn iad. Le micreascóp amháin is féidir linn iad a fheiceáil. Níl cur síos ar na cruthanna is féidir a bheith orthu, ná ar an méid is féidir a bheith iontu. Is cosúil le monarchana beaga iad na cealla - tógann siad isteach gach saghas bia agus mianraí óna dtimpeallacht agus baineann úsáid astu chun fuinneamh a ghiniúint. Is é an fuinneamh sin a choinníonn na cealla ag imeacht.

Féach thíos ar na cineálacha difriúla ceall atá ann.

 

Cealla Eocarótacha


Cealla Eocarótacha a thugtar ar na cealla sin dá bhfuil ainmhithe agus plandaí déanta . Is cosúil lena chéile iad cealla Eocarótacha sa mhéid go bhfuil gach cill deighilte i roinnt codanna. Orgánaidí a thugtar ar na codanna sin. Déanann gach orgánaid a cion féin chun an chill a choinneáil beo.

Tá na cealla plandaí (ar chlé) righin go maith, nó tá imchlúdach umpu ar a dtugtar an cillbhalla, rud a dhéanann láidir daingean iad. Orgánanaid an-tábhachtach is ea an clóraplast glas, ar cuid den chill a dhéanann fótaisintéis é.

Is féidir an-éagsúlacht go deo a bheith ann ó chill ainmhí go chéile (ar dheis) ó thaobh méide agus ó thaobh crutha de. Tá cealla ainmhithe neamhchosúil le cealla plandaí sa mhéid nach bhfuil cillbhalla ag a bhformhór. Cillscannán a thugtar ar an imchlúdach atá umpu; tá sé sin lag go leor, rud a fhágann go bhfuil cealla ainmhithe solúbtha go maith, beagáinín ar nós balúin líonta le huisce!

 

Cealla Prócarótacha


Is baictéir agus miocrorgánaigh eile iad cealla prokaryotic - cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil faoi na cineálacha éagsúla miocróib. Is é an difríocht mhór do chealla eukaryotic ná nach bhfuil organelles ag cealla prokaryotic.

Baictéir agus miocrorgánaigh eile is ea cealla prócarótacha — cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil ar na cineálacha difriúla miocrób atá ann. Is é an phríomhdhifríocht idir iad agus na cealla Eocarótacha ná nach bhfuil aon orgánaidí ag na cealla Prócarótacha.


➡️ Amlíne na hÉabhlóide

Ó thús an ama féin anall go dtí bás an tsrónbheannaigh dhuibh dheireanaigh san Afraic