Cad É An Rud É Micribhitheolaíocht?

Micribhitheolaíocht = Staidéar ar nithe beo atá beag bídeach

Má fheiceann tú focal dar tús ‘Micri-’, ‘Micrea-’ nó ‘Miocr-’, ciallaíonn sé sin ‘beag bídeach’. Ciallaíonn ‘orgánach’ ní beo. Mar sin de, is é atá sna MIOCRORGÁNAIGH ná nithe beo beaga bídeacha.

Chomh beag sin ní féidir linn iad a fheiceáil linn féin. Ní mór dúinn micreascóip a úsáid, rud a ligeann dúinn breathnú ar rudaí i ndáiríre, go dlúth. 🔬

Cá bhfuil cónaí ar na miocrorgánaigh? I ngach áit! Sna haibhneacha, i do ghairdín, i do chistin, i do sheomra folctha, agus - ná bíodh eagla ort! - tá cónaí orthu ar do chraiceann agus i do chorp istigh!

Cliceáil ar na híomhánna thíos chun tuilleadh eolais a chur ar na cineálacha difriúla miocrorgánach atá ann.

Gabháil scáileáin 2021-05-25 ag 01.45.30.png

Baictéir

Aircéabaictéir

Aircéabaictéir

Víris

Víris

Fungais

Fungais

Protozoa

Protozoa

 

Mar ar cuireadh tús leis an Micribhitheolaíocht

Ceann de na chéad mhicreascóip; é seo an-chosúil leis an micreascóp a d'úsáideadh van Leeuwenhoek

Ceann de na chéad mhicreascóip; é seo an-chosúil leis an micreascóp a d'úsáideadh van Leeuwenhoek

Antonie van Leeuwenhoek (1632-1723)
Athair na Micribhitheolaíochta

Eolaí Ísiltíreach ab ea Antonie van Leeuwenhoek. Is mar éadaitheoir a thosaigh sé ag obair ar dtús, áfach - fear éadaí a dhéanamh agus a dhíol. Ach ba dheacair aige na snátha tanaí a ghabhann leis an obair sin a fheiceáil, agus chrom sé ar mhicreascóip bhunúsacha a fhorbairt, rud a chuir ar a chumas nithe beaga bídeacha a fheiceáil go teann isteach.

Bhí a chuid micreascóip chomh héifeachtach sin gur ghearr go raibh van Leeuwenhoek á gcur chun feidhme i gcúrsaí eolaíochta agus é ag baint úsáid as micreascóip chun míolta, dreancaidí agus beacha a scrúdú.

In imeacht aimsire, scrúdaigh sé nithe de gach sórt - fuil, craiceann, ithir agus uisce, mar shampla. Rinne sé iontas de na rudaí ar fad a d'fhoghlaim sé, agus b'in mar a tháinig ann don MHICRIBHITHEOLAÍOCHT faoi mar is eol dúinne í sa lá atá inniu ann.

Amhail spásaire ag tuirlingt ar phláinéad aineoil, bhí Antonie van Leeuwenhoek tar éis cos a leagan i ndomhan micreascópach, áit a bhí ar snámh le nithe ar ar thug sé ‘miocrainmhithe’ (ainmhithe beaga). Nithe beaga bídeacha beo a fuair sé roimhe, gach aon chruth orthu agus gach aon mhéid iontu, agus fós nach bhféadfadh duine a bhfeiceáil lena dhá shúil féin.

Ba bheag a shíl sé gurbh é a bhí ann aige ná miocrorgánaigh - na miocrorgánaigh cheannann chéanna atá mar ábhar staidéir anseo againn!

Moladh mór duit, a Antaine, as ucht slí na micribhitheolaíochta a réiteach dúinn!

Seo samplaí de na ‘miocrainmhithe’ ar tháinig Antonie van Leeuwenhoek orthu

Seo samplaí de na ‘miocrainmhithe’ ar tháinig Antonie van Leeuwenhoek orthu


➡️ Cé Chomh Beag Atá Siad Go Beacht?

Cad iad na horgánaigh is mó agus is lú ó thaobh méide de, dar leat?