Cé Chomh Beag Atá Siad Go Beacht?

Seans go ndúramar cheana gur nithe beaga bídeacha iad na baictéir.

Ní bhíonn an gnáthbhaictéar ach dhá mhicriméadar (2 μm) ar fad. Is ionann sin agus 0.002 milliméadar (0.002 mm).

Is é sin le rá, idir 10 agus 1000 uair níos lú ná an tiús atá i ribe gruaige!

Ábhairín bídeach mar sin! Ní fhéadfadh duine é a fheiceáil lena dhá shúil féin. Mar sin de, bíonn ar eolaithe micreascóp a tharraingt chucu féin chun baictéir a scrúdú.


Faigh amach anseo an chaoi a n-oibríonn micreascóp!

 

 
 
 

Más maith leat píosa beag spraoi a bheith agat le micreascóp agus pláitíní samplacha a bhreathnú, cén fáth nach mbainfeá triail as micreascóp fíorúil an tsuímh seo?

Faigh amach cén saghas cuma a bhíonn ar bhaictéir, ar fhuilchealla nó ar chosa damhán alla nuair a fhéachann tú orthu GO TEANN ISTEACH.

Cliceáil ar an seat scáileáin chun an t-ionsamhlúchán a oscailt ar shuíomh gréasáin seachtrach.

 
 

Seo thíos Quiz beag - bain triail as.

Cad iad na horgánaigh is mó agus is lú ó thaobh méide de, dar leat?

Céim iad in ord an mheánmhéid!

Má bhaineann tú triail as an Quiz, glac grianghraf den scáileán agus cuir chugainn é!