Miocróib agus an Comhshaol

Is iad na baictéir na nithe beo is tábhachtaí ar an bpláinéad seo againne.

Ní hamháin mar gheall go bhfásann siad ar ár gcraiceann agus ní mar gheall go bhfásann siad istigh ionainn ach oiread

Ar fud na háite atá siad. Tá an saol timpeall orainn ar snámh le baictéir agus le miocrorgánaigh eile, agus iad go léir chomh gnóthach le giorria Márta mar tá jabanna fíorthábhachtacha acu!

Lean ort ag léamh chun níos mó a fháil amach.

 

An tSraith Nítrigine

Dúil ríthábhachtach is ea nítrigin do gach uile ní beo ar domhan.

Tá nítrigin de dhíth orainn chun DNA agus próitéiní a dhéanamh — bloic thógála ár gcorp féin iad sin.

Is nítrigin (siombail cheimiceach: N) é 78% d'atmaisféar an Domhain agus den aer a análaímid — gás gan dath, gan bholadh agus gan bhlas. Ach ní féidir lenár gcomhlachtaí é a úsáid san fhoirm seo. Ina áit sin, tá gá leis an 'timthriall nítrigine' mar a thugtar air chun nítrigin a dhéanamh inrochtana dúinn.

Is ríthábhachtach an ról atá ag baictéir sa phróiseas sin. Féach ar na físeáin thíos chun a fháil amach cad é a dhéanann siad!


An Timthriall Carbóin

Carbónbhunaithe is ea an bheatha ar domhan. Is é sin, tá gach ní beo bunaithe ar an gcarbón.

Déanta de charbón atá na bloic thógála ar fad lena ndéantar ár cealla agus ár gcorp (an tsiombail ceimiceach le haghaidh carbóin: C). Rud riachtanach dúinn is ea an carbón mar sin. Ach cá bhfaighimid é?

Ónár gcuid bia a fhaighimid carbón. Is é an scéal céanna é ag na hainmhithe agus ag na plandaí (torthaí, glasraí etc). Bainimid úsáid as an gcarbón chun bloic thógála ár gceall a dhéanamh agus chun fuinneamh a scaoileadh chugainn trí riospráid.

Is í an riospráid a thugann orainn dé-ocsaíd charbóin (CO₂) a scaoileadh amach san aer le linn análaithe dúinn. Féach ar an bhfíseán thíos chun a fháil amach cén úsáid a bhaineann an timthriall carbóin as an dé-ocsaíd charbóin sin, rud a fhágann nach mbíonn an domhan gann ar charbón ag aon am.

An bhfeiceann tú a thábhachtaí atá miocrorgánaigh sa scéal seo?

 

Bíonn na baictéir i mbun riospráide freisin, iad ag scaoileadh CO₂ amach san aer chun an timthriall carbóin a choinneáil ag imeacht.

San ithir agus san fharraige atá cónaí ar na baictéir is tábhachtaí sa scéal seo. Déanann siad orgánaigh mharbha san ithir a lobhadh. Tá na milliúin chill bhaictéarach le fáil i gcúpla braon den sáile.

FÍRIC FÁNACH!! Dá ndéanfá gach ní beo san fharraige a mheá le chéile, b'ionann meáchan na mbaictéar agus 3/4 (trí cheathrú) de mheáchan iomlán na nithe beo sin!


➡️ Ionfhabhtuithe Baictéaracha

Faigh amach cad a tharlaíonn dúinn nuair a bhímid tinn!