Do Chuid Miocrób Féin a Fhás

Fáilte isteach chuig saol rúnda na bhfrídíní atá ina gcónaí ionainn, umainn agus farainn.

Sa mhír ‘An Cine Daonna: Féasta fial flaithiúil’, chuireamar cuid de na baictéir atá ag fás inár gcorp agus ar ár gcraiceann ar do shúile duit. Ach amháin nach féidir leat iad a fheiceáil le do shúile, ar ndóigh, toisc gur nithe micreascópacha iad

Le linn laethanta saoire an tsamhraidh 2019, agus foireann Superbugs ar camchuairt leis an Siopa Siúlach Eolaíochta, d'iarramar ar dhaoine maipíneacht a ghlacadh ó gach ball dá gcorp féin, ionas go bhféadfainn cibé baictéar a bhí orthu a bhailiú agus a chur ar fás dúinn féin.

Thógamar samplaí ó na páistí go léir: óna srón, óna dteanga, óna scornach, óna bhfiacla agus óna dhá chluas. Ní hin amháin, ach óna n-aghaidh, óna ngruaig, óna n-imleacán agus óna n-ascaillí. Gan dearmad a dhéanamh ar a nguthán, a bhfáinní, a mbuataisí, an talamh féin agus tráidire easair cait. Sea, an bosca sin ina ndéanann cat a ghnó laethúil, rinneamar maipíneacht a ghlacadh uaidh sin freisin.

Na maipíneachtaí a fuaireamar, chuireamar ar phlátaí agair iad. Plátaí glóthaí is ea iad sin agus iad ag cur thar maoil leis na sólaistí breátha blasta a thaitníonn leis na baictéir. Ansin ligeamar dóibh a bheith ag fás ar a dtoil féin inár saotharlann, agus sna dhá lá a lean thógamar grianghraif de na baictéir agus de na múscáin a d'fhás as na samplaí sin!

É sin go léir chun a rá leat go bhfuil ár gcorp agus ár dtimpeallacht líonta lán suas le miocrorgánaigh de gach sórt... agus gach ceann acu níos áille ná a chéile. Nach deas sin?

Cad é sin a deir tú? An iomarca eolais? Fonn múisce ort? Tuigimid do chás. 🤢

Coinnigh súil in airde le himeachtaí beo Superbugs san am atá romhainn agus seans go mbeidh deis agat maipíneacht a ghlacadh ó do chorp féin! ***

Tabhair cuairt ar an mír Turgnaimh Bhaile, mar a bhfuil prótacail i dtaobh do chuid turgnamh Superbugs féin a dhéanamh

Cuir chugainn grianghraif de do chuid turgnamh agus a dtorthaí — de na cinn ar éirigh leo mar aon leis na cinn ar thit an tóin astu!

Tá tuilleadh grianghraf le fáil in ár nAlbam speisialta Superbugs ar Facebook!

Is féidir taispeántas speisialta Nollag a bhreathnú ar ár mBlag. 🎄

 

➡️ Miocróib Agus An Comhshaol

Cuir eolas ar an ról tábhachtach atá ag baictéir chun an domhan féin a choinneáil ag imeacht.