Cad é an rud é Imdhíoneolaíocht?

Na rudaí is féidir linn a dhéanamh chun troid in aghaidh ionfhabhtuithe.

Le linn an turais taiscéalaíochta duit go dtí seo, chuir tú eolas ar mhiocróib, ar an gcaoi a scaipeann siad galair agus ar an gcaoi ar féidir leo éirí frithsheasmhach in aghaidh antaibheathach. 🦠🤒💊

Más mian linn leathadh na n-ionfhabhtuithe a thabhairt faoi smacht agus a gcaighdeán maireachtála a fheabhsú don phobal, tá roinnt rudaí is féidir linn go léir a dhéanamh nach gcuirfeadh mórán stró orainn. Dá héasca féin iad, áfach, ba dheacair a thabhairt ar an domhan ar fad iad a dhéanamh, go háirithe i dtíortha ina bhfuil daoine ar ioncam íseal nó measartha:

  • Fáil a bheith ag daoine ar uisce glan 🚰

  • Sláinteachas níos fearr do dhaoine agus do bheostoc (ba, caoirigh, muca etc) 🛁

  • Diagnóisiú níos fearr agus níos tapúla a dhéanamh ar ionfhabhtuithe amhrasta 🔬

  • Córacha leighis spriocdhírithe, antaibheathaigh nua san áireamh 👩🏽‍🔬

  • Úsáid níos fearr a bhaint as na hantaibheathaigh atá ann cheana féin 💊

  • Agus, rud tábhachtach, daoine a bheith vacsaínithe in aghaidh galair inchoiscthe 💉

Chun tuiscint a fháil ar vacsaíní, ní mór dúinn eolas a chur ar an gcóras imdhíonachta agus a dhéanann sé.


Cad é an rud é imdhíoneolaíocht?

Staidéar ar an gcóras imdhíonachta, sin imdhíoneolaíocht.

Tugann an córas imdhíonachta cosaint dúinn ar ionfhabhtuithe agus tá cúpla líne chosanta aige chuige sin. Is é a chiallaíonn a bheith ‘díonach’ ar ghalar ná go bhfuil cosaint agat ar an ngalar sin — é sin tar éis duit taom de ghalar den chineál céanna a bheith curtha díot agat, nó tar éis duit vacsaín a fháil lena aghaidh.

Tá athrú as éadan tagtha ar chúrsaí leighis ón uair a bhí Edward Jenner i mbun a chuid oibre ceannródaíche san 18ú haois. B’as an obair sin a tháinig, ar deireadh thiar, na vacsaíní atá againn inniu. Sábháladh a mbeatha ar níos mó daoine de bharr na fionnachtana sin ná mar a sábháladh le haon dul chun cinn eile i gcúrsaí leighis.

A bhuí leis an imdhíoneolaíocht, bíonn feabhas ag teacht de shíor ar an tuiscint atá againn ar fhadhbanna sláinte, idir ionfhabhtú agus athlasadh, idir ailléirgí agus uath-imdhíonacht (nuair a dhéanann do chóras imdhíonachta ionsaí ar do chuid orgán féin), gan trácht ar dhonachtaí ar nós ailse, galair croí agus néaltraithe.


An córas imdhíonachta

Córas a tháinig chun cinn de réir na héabhlóide chun sinn a chosaint ar ghalair, go háirithe ar na hionfhabhtuithe sin arb iad víris, baictéir agus paraisítí faoi deara iad - sin an córas imdhíonachta. Córas casta is ea é ina bhfuil struchtúir agus próisis dhifriúla fite fuaite ina chéile. 🦠🪱

Tá dhá chineál feidhme a bhaineann leis na comhpháirteanna móilíneacha agus ceallacha dá bhfuil an córas imdhíonachta déanta: (a) meicníochtaí atá san orgánach ó dhúchas (imdhíonacht dhúchasach) agus (b) freagairtí a chuirtear in oiriúint do phataiginí ar leith (imdhíonacht oiriúnaitheach).

Chun tuiscint níos fearr a fháil ar an gcóras imdhíonachta, cliceáil ar an ngrianghraf thíos le haghaidh scannán iontach ar Vimeo (osclaíonn i bhfuinneog nua).

An Dá Chóras Imdhíonachta: Dúchasach agus Oiriúnaitheach – Tionscadail Lucht Déanta Vacsaíní.
Cliceáil
anseo nó ar an íomhá thuas chun féachaint ar an bhfíseán.


➡️ Vacsaíniú

Faigh amach cad iad na vacsaíní agus conas a oibríonn siad