Duais Longitude

Mar a tionscnaíodh an t-uaireadóir muirí ba chruinne dá raibh riamh ann; an baol go dtiocfadh deireadh leis an leigheas comhaimsire faoi mar is eol dúinn é

 

Antaibheathaigh agus Frithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach

Athrú ó bhonn a tháinig ar chúrsaí leighis ag tús an 20ú haois nuair a fionnadh na chéad chomhdhúile lenarbh fhéidir ionfhabhtuithe baictéaracha a chóireáil i gceart. Ar deireadh thiar, toisc antaibheathaigh ar nós peinicillin, sulfónaimídí agus streiptimícin a bheith ar fáil, bhí ar chumas dochtúirí na seanghalair nach raibh aon leigheas orthu roimhe sin a chloí, mar a bhí, an phlá bhúbónach, tíofóideach agus calar. Galair iad sin, ar ndóigh, a bhí ag déanamh léirscriosta ar an gcine daonna riamh anall. Ón am sin ar aghaidh bhíothas in ann cúl a chur ar thinnis choitianta, agus fad agus déine na n-ionfhabhtuithe ba mheasa a mhaolú go mór. Bhíothas inniúil ar ionfhabhtuithe cneá a thabhairt faoi smacht, rud a réitigh an tslí do lucht leighis cóireálacha máinliachta a thionscain, cóireálacha a raibh an iomarca contúirte ag baint leo roimhe sin.

Níl aon amhras ach go bhfuil na hantaibheathaigh ar na fionnachtana is tábhachtaí dá raibh riamh ann i gcúrsaí leighis. Sa lá atá inniu ann, is cuma cén cineál fadhb sláinte a bheadh ag cur orainn — tinneas fiacaile nó ionfhabhtú cliabhraigh, sceanairt boilg nó trasphlandú orgáin — bímid suite de go dtiocfaidh na hantaibheathaigh i dtarrtháil orainn.

Ach tá costas nach beag ag baint le mórúsáid na n-antaibheathach.

Samplaí d'antaibheathaigh atá ar fáil inniu

Ba mhaith ann na hantaibheathaigh, ar ndóigh, ach níorbh fhada go ndeachaigh an-chuid baictéar i dtaithí ar na substaintí nua seo a bhí tagtha sa mhullach orthu gur éirigh siad frithsheasmhach ina n-aghaidh. B'iúd chugainn mar sin MRSA (Staphylococcus aureus frithsheasmhach in aghaidh meiticilline), baictéar ar chúis é le mórán ionfhabhtuithe faighte san ospidéal. Sna sála air sin, tháinig ann don Eintreacocas atá frithsheasmhach in aghaidh vancaimícine (ó is minic a úsáidtear vancaimícin mar chóireáil i gcásanna MRSA), agus, ar deireadh thiar, tháinig ann do "tharbhfhrídí" úd an mhíchlú, ar nós baictéir atá frithsheasmhach in aghaidh carbaipeineime, agus nach féidir a chóireáil ach le comhdhúile na deargphráinne ar nós colistin. Is é is brí le "deargphráinn" sa chomhthéacs seo ná vacsaín áirithe a úsáid, de cheal rogha ar bith eile, arbh fhearr leat uait í. Druga an-chrua is ea Colistin, cuir i gcás, ar féidir leis díobháil a dhéanamh do na duáin agus don néarchóras. Mar sin de, ní úsáidtear é ach amháin nuair is cás báis nó beatha é.

Ach is ar éigean Dé atá an méid sin féin againn. In 2015, chonacthas frithsheasmhacht in aghaidh colistin ag teacht chun cinn, rud a fhágann go bhfuil cineálacha baictéar ann anois nach bhfuil cóireáil ar bith againn lena n-aghaidh. Go dtí seo, is inár dtimpeallacht a fuarthas na baictéir sin agus níor tháinig aon mhór-ráig ionfhabhtaithe dá mbarr go fóill. Ach crochta ar bhéal an bholcáin atáimid, agus d'fhéadfadh sé brúchtadh nóiméad ar bith feasta.

Tá roinnt tosca tagtha le chéile chun dlús a chur le scaipeadh na frithsheasmhachta in aghaidh antaibheathach ar fud an domhain. Ina measc sin tá antaibheathaigh á n-úsáid i gcásanna nach bhfuil siad ag teastáil in aon chor, antaibheathaigh á gceannach thar an gcuntar gan aon ghá le hoideas dochtúra, ró-úsáid na n-antaibheathach ar bheostoc agus i bhfeirmeacha éisc, easpa eolais faoi conas is ceart antaibheathaigh a bhainistiú, agus gan tástálacha diagnóiseacha tapa, cruinne, praiticiúla agus inacmhainne a bheith ar fáil go forleathan.

Níl an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO) dall ar an tsaincheist seo. In 2012, thug siad foláireamh i dtaobh "deireadh an leighis chomhaimsire mar is eol dúinn é" a bheith ag bagairt orainn. Ba bheag éifeacht a bheadh ag na hantaibheathaigh dá bhfíorófaí an tairngreacht sin. Bheadh ionfhabhtuithe gan chóireáil, agus ba róchontúirteach a bheadh sé daoine a chur faoi scian le haghaidh gnáthamh leighis ar nós gearradh Caesarach, athchur cromáin nó cóireáil ailse.

Tá frithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach ar na bagairtí domhanda is mó atá anois ann

 

Diagnóisiú tapa ag an láthair chúraim

Dar le lucht eolaíochta agus lucht leighis, chun cúram ceart a dhéanamh de dháileadh na n-antaibheathach, is den riachtanas é tástálacha tapa diagnóisithe a bheith ar fáil ag láthair an chúraim. Sin an rud a chuireann ar a gcumas do ghairmí sláinte an druga ceart a thabhairt d'othair san am ceart. Sa lá inniu, na tástálacha chun ionfhabhtuithe baictéaracha a dhiagnóisiú, is i saotharlanna speisialta is gá iad a dhéanamh, agus is é an chaoi a ndéantar iad ná na horgánaigh ábhartha a chur ag fás i saothráin agus ansin iad a aithint de réir modhanna micribhitheolaíocha nó móilíneacha. Is iondúil go dtógann sé 2-3 lá chun toradh cruinn a fháil ar na tástálacha sin.

Agus iad ag fanacht ar thorthaí na dtástálacha, caithfear cóireáil a chur ar na hothair sin a mheastar ionfhabhtú a bheith orthu, agus é a dhéanamh gan mhoill, mar i gcuid de na cásanna bíonn fadhb shláinte acu - géarsheipseas, abair - a mbaineann baol báis léi. Gan amhras, ní féidir fanacht 2-3 lá le haghaidh toradh tástála sna cásanna sin. Agus is é a thoradh sin ná go dtugtar antaibheathaigh, ní hamháin d'othair i mbaol báis, ach do mhórán othar nach bhfuil a leath chomh dona sin "ar eagla na heagla" gurbh ionfhabhtú baictéarach a bheadh ag baint dóibh. Mar sin de, an leigheas sin arb é is aidhm dó daoine a bhfuil an-drochbhail orthu a shábháil ar an mbás, is minic é á thabhairt amach gan chúis agus is é ró-úsáid na n-antaibhaictéarach an toradh air.

Tástáil sreafa chliathánaigh le haghaidh COVID-19 agus toradh diúltach uirthi. — Getty Images/iStockphoto

Chun an tréimhse feithimh 2-3 lá a laghdú - laistigh de leathuair an chloig ab fhearr - tá gá le glúin nua de thástálacha diagnóisithe le gur féidir ionfhabhtuithe baictéaracha a bhraith go han-tapa más ann dóibh, agus ansin an t-antaibheathach ceart a aimsiú lena aghaidh. Mórán ar nós na tástála sreafa chliathánaigh le haghaidh COVID-19 a bhfuil seanchleachtadh againn anois uirthi — ach í in ann gach cineál ionfhabhtaithe a bhraith seachas an t-aon cheann amháin. 

Ach tástálacha nua den chineál sin a chur ar fáil do lucht leighis, b'fhearr ar fad a bheidís in ann cinntí cliniciúla agus diagnóisithe a dhéanamh ar mhaithe lena n-othair. Slánú na n-antaibheathach don am atá romhainn atá idir dhá cheann na meá anseo, agus is ionann slánú na n-antaibheathach agus ár slánú féin.

Ba é díreach d'fhonn lucht ceaptha aireagán a spreagadh chun tástálacha nua a fhorbairt a cuireadh Duais Longitude ar bun in 2014. Is é atá sa duais ná ciste £10 milliún, agus é le bronnadh ar an dream a cheapfaidh tástáil lenar féidir na hantaibheathaigh a chaomhnú do na glúnta atá le teacht, is é sin, tástáil chruinn, thapa, inacmhainne, agus éasca a úsáid in aon áit ar domhan.

Mura mbíonn tástálacha tapa éifeachtacha againn, agus mura dtarraingímid chugainn an dea-chleachtas ó thaobh úsáid na n-antaibheathach de, is beag an mhaith dúinn cóireálacha nua frithmhiocróbacha a fhorbairt, óir luath nó mall cuirfear ó éifeacht iad chomh maith céanna. Tar éis a bhfuil curtha dínn againn mar chine agus mar shibhialtacht, ní féidir linn titim siar ar gcúl go dtí "aimsir réamh-antaibheatheach." Ba é a bheadh romhainn sa chás sin ná na seanghalair choitinn a theacht ar an luath-óige agus na seanphaindéimí marfacha ag déanamh slad orainn athuair. Abair go bhfaighfeá mionghortú, fiú amháin, ba bhaol duit é a thiontú ina ionfhabhtú gránna gan aon leigheas air.

Dia idir sinn agus an drochrud, arsa tusa. Ach cad chuige “Longitude" (domhanfhad) a thabhairt mar ainm ar an duais seo?

Bhuel, tagairt is ea sin do cheist mhór a bhí ann 300 bliain ó shin, tráth a bhí cúrsaí domhanfhaid ag déanamh tinnis do lucht eolaíochta agus teicneolaíochta. Ba é a bhí ag dó na geirbe acu ná conas an líne dhomhanfhaid a dhéanamh amach i gcás aon ionad sonrach ar dhroim an domhain.

 

An Coilíniú agus an Trádáil Dhomhanda

Leagan H4 d'uaireadóir muirí John Harrison, gléas tomhaiste domhanfhaid ar bronnadh Duais Longitude ar Harrison dá bharr (1759) — Ard-Mhúsaem Muirí, Greenwich, Londain.

Bhí an loingseoireacht in airde láin sa 16ú agus sa 17ú haois agus ba mhór i gceist na haistir fhada farraige. Bhí longa ón Eoraip tar éis an cúrsa ar fad cois imeallbhoird an dá Mheiriceá a chur díobh. Bhí longa eile agus bhí an India bainte amach acu, cuid acu ag seoladh soir thar rinn theas na hAfraice, cuid eile acu ag seoladh siar timpeall chósta Mheiriceá Theas. Bhí fuadar faoi thíortha na hEorpa an tOileán Úr a chreachadh, agus sciob sceab dá réir ag gach tír díobh ar a cuid féin de. Bhunaigh an Spáinn a himpireacht choilíneach i Meiriceá Láir agus Theas; rinne an Phortaingéil amhlaidh sa Bhrasaíl; agus ghabh Sasana Meiriceá Thuaidh di féin. Anuas air sin, chuaigh na tíortha sin go léir, maille leis an Ísiltír agus tíortha nach iad, chuaigh siad ag creachadh leo rompu san Afraic, san India agus san Áise Thoir Theas, mar ar ghabh siad gach acmhainn nádúrtha arbh fhéidir leo breith uirthi, ór, cadás agus spíosraí ina measc. Níorbh é a ndearmad gan daoine a bhreith leo ina ndaoir ach oiread.

Ach cad é mar chontúirtí a bheadh rompu siúd a thabharfadh dúshlán na farraige móire an uair sin. Níorbh annamh longa na seachtainí a chaitheamh ar muir, nó na míonna féin, sula mbainfidís amach ceann scríbe. An long a choinneáil ar an gcúrsa ceart - sin é rún uile na loingseoireachta, gan dabht. Ach caithfidh fios beacht do shuímh a bheith agat ó nóiméad go chéile chun sin a dhéanamh. Is rud éasca againn sin in am seo an chórais suite domhanda (GPS), agus na satailítí go léir ag tarchur an eolais bheacht díreach isteach inár bhfóin póca dúinn. Níor mhar sin do na mairnéalaigh a bhí ann fadó, ar ndóigh. Ba de réir airde ghrian an mheán lae, nó airde na réaltaí san fhirmimint, a rinne siad amach an t-ionad ina raibh siad féin ar dhroim na farraige.

Tráthúil go leor, sin é díreach an t-ábhar atá faoi chaibidil againn anseo: domhanfhad agus domhanleithead, an dá rud lenar féidir linn an t-ionad ina bhfuilimid ar dhromchla an domhain a dhéanamh amach go beacht.

 

Domhanleithead: cá fhad as seo atá an Mol Thuaidh?

An fad idir ionad ar leith agus an meánchiorcal, sin domhanleithead, agus tá socraithe againn gur 0° is ea domhanleithead an mheánchiorcail féin. Dá fhaide ó thuaidh a théann tú, is ea is airde an domhanleithead agat. Domhanleithead 90° T (ó Thuaidh) atá ann ag an bPol Thuaidh, cuir i gcás. 51.5° T atá ann i Londain, rud a fhágann go bhfuil an chathair sin beagáinín níos cóngaraí don Phol Thuaidh ná mar atá sí don mheánchiorcal (rud nach ndéanfá lá iontais de i bhfianaise na drochaimsire a bhaineann léi).

Conas is féidir domhanleithead na háite ina bhfuil tú a thomhas gan fón póca mar sin - agus tú i do mhairnéalach Briotanach, abair, atá ag seoladh siar an tAigéan Atlantach sa 17ú haois?

Bhuel, tráthúil go leor, is éasca an rud é ach ionad na Réalta Thuaidh a bheith ar eolas agat. Lonnaithe i gcorp na réaltbhuíne ar a dtugtar an Béar Beag atá sí ('Little Dipper' a thugtar uirthi sin i Meiriceá Thuaidh). Dá mbeifeá ag an bPol Thuaidh, cuir i gcás, is os do chionn in airde a bheadh an Réalta Thuaidh agus í ag cur a gaethe geala anuas uaithi. Dá bhfanfá díreach mar a mbeadh agat ag féachaint uait in airde (ainneoin an fhuachta agus na mbéar bán ag féachaint ort go hocrach), is é a d'fheicfeá ná an spéir réaltógach ar fad ag rothlú timpeall an aon phointe amháin sin, an réalta thuaidh, agus gan cor ná casadh as an réalta féin. Ar ndóigh, bheadh ort féachaint suas díreach go hingearach chun an Réalta Thuaidh a fheiceáil sa chás sin, is é sin, ar uillinn 90°.

Tamall níos faide ó dheas duit, i Londain Shasana, cuir i gcás, agus abair - rud annamh - gur oíche spéirghealaí a bheadh ann, is é an taispeántas céanna a d'fheicfeá, is é sin, réaltaí uile  an aeir ag rothlú timpeall na Réalta Thuaidh, agus an Réalta Thuaidh féin ina seasamh. Ní díreach os do chionn a bheadh an Réalta Thuaidh an turas seo, ach í crochta ar géaruillinn ar d'aghaidh amach. Agus sin díreach an uillinn a thabharfadh duit domhanleithead an tsuímh ina mbeifeá féin. Ní bheadh agat ansin ach an uillinn idir fíor na spéire agus an Réalta Thuaidh a thomhas. Ar uillinn 51.5° atá sí ó Londain mar sin.

Níl scéal an domhanfhaid chomh héasca céanna, áfach.

 

Domhanfhad: cén t-am anois é in Greenwich?

An fad idir an t-ionad ina bhfuil tú anois ar an ais soir-siar agus an rud ar a dtugtar an bhun-fhadlíne (atá socraithe ar 0°), sin domhanfhad. Ba nós é, san am a d'imigh thart, gach tír a bun-fhadlíne féin a bheith aici, agus ba ghnách gur laistigh dá limistéir féin a shocróidís í, san ardchathair, cuir i gcás. In 1721, shocraigh an Bhreatain a bun-fhadlíne féin a bheith ag gabháil tríd an Réaltlann Ríoga ag Greenwich, Londain. Gan amhras, ar feadh na mblianta fada ní raibh aon dá thír ar aon fhocal faoin gceist ach is é an deireadh a bhí air, in 1884, gur glacadh le fadlíne Greenwich mar an aon bhun-fhadlíne amháin a dtabharfadh gach tír aitheantas di feasta.

Rud a dhéanann an scéal níos casta ná go bhfuil an Domhan seo againne ag síor-rothlú ar a ais. Tógann sé 24 uair an chloig ar an domhan aon chasadh 360° a chur de. Is ionann sin agus 15° in aghaidh na huaire. Ach tugann an rothlú sin leid dúinn faoin gcaoi ar féidir domhanfhad an ionaid ina bhfuil tú a thomhas. An rud a theastaíonn uait ná eachtra a thitim amach is féidir a fheiceáil ó áiteanna difriúla ar domhan: an ghrian ag baint amach a hionaid is airde sa spéir ar uair an mheán lae, cuir i gcás. É sin nó tús úraithe gealaí. Nó fós, fithisiú na ngealach thart ar an bpláinéad Iúpatar. Mar sin de, cuir duine ina sheasamh in ionad ar leith ar dhromchla an domhain. Cuir an dara duine ina sheasamh in áit eile atá i bhfad ó láthair - agus cuir an bheirt acu ag breathnú ar an aon eachtra réalteolaíoch amháin san am céanna. Má chuireann an bheirt acu an t-am ar tharla sé i gcomparáid lena chéile is féidir leo a dhéanamh amach cá fhad óna chéile atá siad.

Abair go mbeifeá i Londain mar sin, agus go socrófá d'uaireadóir ar uair an mheán lae, 12:00, tráth a bheadh an ghrian ina hionad is airde sa spéir (lá breá gréine ní mór a bheith ann, ar ndóigh). Cén t-am a bheadh sé i Nua Eabhrac le go bhféadfadh duine an ghrian a fheiceáil ag an airde cheannann céanna? Bhuel, chaithfí fanacht le go gcasfaí an domhan a oiread agus ba ghá chun go sroichfeadh an ghrian a hionad is airde ó thaobh Nua Eabhrac de. D'fhéadfá iarraidh ar an duine sin i Nua Eabhrac glao gutháin a chur ort ag uair an mheán lae. Agus is é an t-am a bheadh agat i Londain sa chas sin ná 5:00pm. Ciallaíonn sin gur cúig huaire an chloig an t-eatramh ama. De réir 15° in aghaidh na huaire, is ionann sin agus 75° S (Siar) an domhanfhad ag Nua Eabhrac. Agus más eol duit trastomhas an domhain, is féidir leat an fad idir Londain agus Nua Eabhrac a ríomh (5567 ciliméadar go cruinn beacht, nó 3459 míle). Seans go dtuigeann tú anois brí na hiarmhíre "pm", ar giorrúchán í de post meridiem - go teicniúil ciallaíonn 5pm go bhfuil cúig huaire an chloig ann ó d'imigh an ghrian thar fhadlíne an ionaid ina bhfuil tú féin.

Ach ag caint ar mhairnéalaigh an 17ú haois dúinn é. Agus iad amuigh ar an bhfarraige mhór, ní raibh ar a gcumas ar mhairnéalaigh glao gutháin a chur chun a fháil amach cén t-am a bhí ag a muintir sa bhaile. Is é a bhí uathu ná clog. Ach ní gach uile chlog a dhéanfadh cúis dóibh.

Is é a bhí uathu an clog ab iontaofa ar domhan.

 

An tAcht um Dhomhanfhad 1714

Ní fhéadfadh duine a bheith ag brath ar na cloig an uair sin. Na cinn ab fhearr acu, bhí luascadán iontu a choinnigh siúl réidh faoin gclog ceart go leor, ach is é an dul a bhí iontu ná nárbh fhada go mbeidís i bhfad chun tosaigh ar an am ceart, nó i bhfad ar gcúl, b'fhéidir. Ní haon ábhar buartha duit sin más ar tír mór atáir, agus gur féidir leat an clog a choigeartú de réir mar is gá. Ach scéal eile ar fad é agus tú ar muir, mar a mbíonn an long ag éirí agus ag titim le gluaiseacht na dtonnta, rud a chuireann an luascadán go hiomlán as a riocht. Agus ní fearrde cruinneas an chloig an bhogthaise a bheith de shíor ag titim agus ag éirí ach oiread (gan trácht ar na stoirmeacha!).

Ar feadh na mílte bliain, mar sin, ní raibh de rogha ag mairnéalaigh ach buille faoi thuairim a thabhairt ar cé mhéad míle farraige soir nó siar a bhí seolta acu, agus ar cé mhéad ama a bhí imithe thart ó d'fhág siad cuan. Samhlaigh a bheith ag iarraidh léarscáil an domhain a tharraingt faoi na dálaí sin! Ait go leor, ní neamhinniúil ar fad a bhí siad ar dhul i ngleic leis seo, agus is minic nach mbeadh san iomrall ach a dhá nó a thrí scór de mhílte farraige, nó cúpla céad míle ar a mhéad. Ach dá mb'aistear fada farraige é, d'fhéadfadh go gcuirfí dá gcúrsa ar feadh na míonna fada iad sula mbainfidís amach ceann scríbe. Agus uaireanta, d'fhéadfaidís a bheith ar seachrán chomh fada sin go rithfidís amach as bia nó go n-imeoidís gan tásc gan tuairisc...

Níor bheag mar dhíobháil do chúrsaí trádála an méid sin go léir. In 1714, bhí cúrsaí éirithe chomh dona sin chuig lucht gnó agus lucht tráchtála gur rith Parlaimint na Breataine an Acht um Dhomhanfhad faoina mbronnfaí £20,000 🪙 (£1.5 milliún in airgead an lae inniu 💷) ar an té a cheapfadh seift phraiticiúil chun an domhanfhad a dhéanamh amach, seift a bheadh cruinn go dtí an leathchéim.

 (Tabhair do d'aire gurb ionann leathchéim agus fad 55km (35 míle) feadh an mheánchiorcail, nó a bheag nó a mhór an fad a bheadh in oileáin ar nós Mhallarca nó Maidéara. Bheadh fad níos lú ná sin i mBarbadós nó i mBeirmiúda, cuir i gcás.)

 

An tUaireadóirí Ardéirime

Portráid de John Harrison le James King, thart ar 1766. — Músaem na hEolaíochta, Londain

Siúd isteach John Harrison, siúinéir as Yorkshire nach raibh tosaithe ar chloig a dhéanamh ach bliain sular fógraíodh an duais. In ainneoin nár cuireadh aon oiliúint fhoirmiúil air, d'éirigh leis cloig iontacha a dhéanamh. In 1735 chuir sé an chéad chlog dá chuid, an leagan H1, faoi bhráid an Bhoird arbh é a gcúram maoirseacht a dhéanamh ar Dhuais Longitude. Clog dhá luascadán a bhí ann, é fíorchruinn agus ceannródaíoch – ach faraor, ní raibh sé cruinn baileach go leor chun an comórtas a bhuachan. Mar sin féin, tugadh £250 mar luach saothair dó, rud a chuir ar a chumas leanúint den obair.

Agus é ag saothrú leis sna blianta a lean, d'fheabhsaigh ar dhearadh a chuid clog muirí agus chuir sé leaganacha H2 agus H3 faoi bhráid an Bhoird. Cé go raibh ardmheas ag na saineolaithe ar a inniúlacht agus ar a raibh bainte amach aige, fós féin ní ligfeadh an t-amhras dóibh iomlán an chnaip airgid a thabhairt dó. Ina dhiaidh sin is uile, idir na blianta 1741 agus 1755, fuair sé £2,000 uathu agus is dócha gur leor é sin chun é a choinneáil ag imeacht.

Is é a chinn sé air a dhéanamh ansin ná fáil réidh leis na cloig luascadáin ar fad. Is é rud a dhear sé ina n-áit sin ná cineál uaireadóra ramhair póca. B'ait an mhaise dó an cinneadh sin, ó ba é tuairim na saineolaithe nach raibh aon mhaith sna huaireadóirí agus gur chruinne ar fad na cloig luascadáin. Cad é mar ionadh a tháinig orthu mar sin, nuair a rinne Harrison an rud a shíl siad a bheith dodhéanta. An ceathrú gléas dá chuid, an H4, b'in an gléas a rug barr bua ar gach a ndearnadh roimhe. In 1759 a chuir sé i gcrích é agus ba é an ngléas ríofa ama ba chruinne dá bhfacthas riamh ar muir é. Ní hamháin gur sháraigh sé leaganacha H1, H2 agus H3 ar chruinneas, is amhlaidh a rinne sé slad ar chritéir an chomórtais féin. B'in Duais Longitude buaite ag Harrison agus an t-airgead go léir tuillte aige. 

B'in fadhb mhór an domhanfhaid réitithe, leis!

Níorbh fhada gur tugadh an H4 do gach chaptaen farraige a raibh misean tábhachtach ar bun aige. Tugadh ceann do James Cook, cuir i gcás, a bhí ag triall ar an Astráil, an Nua Shéalainn agus ar an Aigéan Ciúin Theas. Tugadh ceann eile do William Bligh (captaen mí-ámharach an Bounty, long úd na ceannairce) arbh é Taihítí a cheann scríbe. Go deimhin féin, na léarscáileanna a chuir an H4 ar a chumas do Cook a dhéanamh d'áiteanna in imigéin, bheidís fós á n-úsáid 150 bliain ina dhiaidh sin ó nach bhféadfaí iad a shárú ar chruinneas.

Áthas nach beag a bheidh ort a chloisteáil, más ea, tar éis ar chaith John Harrison de dhua agus d'éirim aigne leis an tionscnamh, gur bhailigh sé leis abhaile agus a phócaí lán go béal le hairgead... Bhuel, ní mar sin go baileach a tharla. Ní bhfuair sé ach a leath den airgead a bhí ag dul dó. Fanacht fada a bheadh air chun an leath eile a fháil ón mBord ó ní stadaidís de chúiseanna a tharraingt anuas chun gan an t-airgead a thabhairt dó. Thógfadh sé 24 bliain air chun an t-airgead a tharraingt astu; bheadh air achainí a dhéanamh ar Sheoirse III, rí Shasana féin, sula scaoilfí an t-airgead leis ar deireadh, in 1773. Fuair Harrison bás trí bliana ina dhiaidh sin in aois a 82 bliain.

 

Is mór idir sin agus seo

Siúd linn ar aghaidh go dtí an lá inniu. Tá súil againn go dtuigeann tú anois an chúis lenar bunaíodh Duais Longitude 2014, is é sin, chun aithris a dhéanamh ar an duais úd a tionscnaíodh in 1714 agus ar chúis é le hathrú ó bhonn a theacht ar chúrsaí loingseoireachta agus cartagrafaíochta.

Ní i dtaobh loingseoireachta ná cartagrafaíochta atá an duais an turas seo, áfach, ach i dtaobh cúrsaí leighis. Is é an cuspóir atá anois ann ná seasmhacht agus iontaofacht na gcógas comhaimsire a chinntiú ionas nach mbeidh aon cheall leighis le haghaidh ionfhabhtuithe orainn san am atá romhainn, ná nach mbeidh aon phráinn ar thástálacha diagnóisithe den chéad scoth.

An fhadhb eolaíochta agus theicneolaíochta is práinní dá bhfuil ag cur orainn a fhuascailt - b'in é bun agus barr Dhuais Longitude riamh anall. 300 bliain ó shin, ba é John Harrison a bhuaigh an duais as gléas a dhearadh nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe sin.

Cé a bhuafaidh an turas seo é?

Tusa, b'fhéidir?


Tá tuilleadh eolais le fáil faoi Dhuais Longitude 2014 ar an suíomh a bhaineann leis.

Matthias Eberl

Tá an tOllamh Eberl i gceannas ar meitheal taighde ag Ollscoil Cardiff atá ag fiosrú fhreagairt imdhíonachta an choirp in aghaidh géarionfhabhtuithe baictéaracha. Is ball lárnach d'fhoireann Superbugs é.

Ar Aghaidh
Ar Aghaidh

An Mhaláire agus Airtimisinin