An Mhaláire agus Airtimisinin

Cur síos gairid ar scéal na ndrugaí in aghaidh maláire agus ar an dlúthnasc atá acu le cúrsaí cogaíochta

 

Díol iontais é, in aimsir seo na heolaíochta, gur ó leigheas traidisiúnta na Síne a tháinig ceann de na drugaí frith-thógálacha is tábhachtaí dá bhfuil againn. Bheadh sé dian ar dhuine, agus a bhfuil ar fáil i dtigh an phoitigéara Shínigh á iniúchadh aige, an fíordhruga a scaradh ó na comhábhair aisteacha fhánacha a bheadh aige ann, leithéidí faecas an iora eitilte agus eile. Go deimhin féin, bheadh air breis agus dhá mhíle leigheas luibhe a scagadh chun teacht ar cheann amháin a mbeadh fiúntas ag baint leis. Cad é do bharúil ach sin é díreach an dúshlán a thug Youyou Tu agus a foireann orthu féin agus is é toradh a gcuid oibre ná an druga airtimisinin, arb é an gnáthchóireáil ar mhaláire anois é.


Scéal na Maláire

parasitologymalariapfalciparumpritt05.jpg

Seadáin mhaláire Plasmodium falciparum (na fáinní corcra) laistigh d'fhuilchealla dearga (na ciorcail bheaga bhándearga), mar a fheictear iad faoi smearadh fola Giemsa-ruaimnithe. Is é atá sa chill mhór thuas ar chlé ná granalacaít neodraifle, an fhuilcheall bhán is flúirse dá bhfuil sa cholainn dhaonna. — Pictiúr le Bobbi Pritt, Imlíne Paiteolaíochta.

Tá an cine daonna á chrá ag an Maláire chomh fada siar is atá siar ann. Le fírinne, bhí an Mhaláire ann sular tháinig ann dúinn, fiú amháin – é sin de réir na seadán maláire ar thángthas orthu agus iad i bhfostú in ómra ón tréimhse pailéigéine, tríocha milliún bliain ó shin. Tá cur síos ar ionfhabhtuithe maláire i dtéacsanna Gréigeacha agus Síneacha a scríobhadh san anallód. Liosta le háireamh iad na mórphearsana stairiúla ar buaileadh breoite le maláire iad: An Tiarna Nelson, Geingeas Cán, an Dr Livingstone, Mahatma Gandhi agus Criostóir Colambas, cuir i gcás. Is as Mal aria na Laidine Meánaoisí a fáisceadh an focal “maláire” agus ciallaíonn sé “drochaer” óir le talamh riascach a bhí an galar luaite riamh anall. Scéal a bhainfeadh preab as mórán ná gurbh í an mhaláire ba thrúig bháis le leath de na daoine a mhair riamh! Staitistic é sin a luadh den chéad uair in alt de chuid na hirise Nature in 2002, ach gan aon fhoinse tagartha lena chois. Is é is dóichí de nach bhfuil sé fíor in aon chor.



Luathdhrugaí

Is iad comharthaí sóirt na Maláire ná fiabhras agus tuirse – agus is iad scrios na bhfuilcheall dearg is cúis leo sin. Fearacht ionfhabhtuithe daonna eile, ar feadh i bhfad ní raibh sna cóireálacha in aghaidh maláire ach deargsheafóid – bhí dochtúirí na meánaoise go mór i bhfách caitheamh amach, doirteadh fola agus an trépanta, cuir i gcás, óir b'in a raibh de leigheas acu ar thinnis an uair sin. Ar an taobh eile de, fuair pobal na Ceatsuaise, bundúchasaigh de chuid Mheiriceá Theas, fuair siad amach gurbh fhéidir craiceann an chrainn Quina-quina (Cioncón) a úsáid chun creatha fuachta a mhaolú go mór i ndaoine a raibh an mhaláire orthu. Bráthair in Ord na nÍosánach, Agostino Salumbrino, thug seisean an méid sin faoi deara agus rug leis cuid de chraiceann an chrainn ar ais chuig an Róimh mar chóireáil ar an maláire. I dtosach, ba mar thintiúr de chraiceann crainn arna leá i ngloine fíona a thógtaí é. Tharla in 1820, áfach, gur éirigh le beirt taighdeoirí Francacha, Pelletier agus Caventou, an tsubstaint ghníomhach sa chioncón a aonrú. Cuinín an t-ainm a tugadh uirthi sin, agus ón am sin amach bhíothas in ann í a úsáid mar dhruga próifiolacsach. Coilínigh de chuid na Breataine i mbun seirbhíse san India, chuirtí de cheangal orthu cuinín a ghlacadh. Má chuirtí féin, fuair siad amach gur lú an crá é ach siúcra agus uisce sóide a chur léi. Fuair siad amach ina dhiaidh sin gur lú ná sin fós an crá é ach steall jin a chur léi freisin!


Cuinín, daoirse agus cogaíocht

Tá an mhaláire agus an cuinín fite fuaite i scéal na daoirse agus na cogaíochta. Ba mhór i gceist an mhaláire i nDeisceart Mheiriceá le linn tréimhse na coilíneachta (1600-1700), agus ba chúis sa bhreis é sin go rabhthas chomh mór sin i dtuilleamaí daoir de bhunadh na hAfraice sna coilíneachtaí ann, óir bhí siadsan níos frithsheasmhaí in aghaidh maláire ná mar a bhí na coilínigh gheala. Ach ar theacht ar an bhfód don chuinín, bhí muintir gheal na hEorpa ábalta ar dhul ag taiscéalaíocht i nDeisceart na hAfraice, rud a bhí coiscthe orthu roimhe sin ó ba é "tír an bháis" dóibh é i ngeall ar an slad a dhéanadh an mhaláire orthu. Níorbh fhada go raibh an cioncón - craiceann an chrainn úd - ina acmhainn sárluachmhar, agus chuir rialtas Pheiriú toirmeasc ar a easpórtáil. Sa 19ú haois, áfach, d'éirigh le rialtas na hÍsiltíre roinnt crann a ghoid agus chuir a bplandálacha féin ar bun san Indinéis, rud a d'fhágfadh, in imeacht aimsire, margadh uile an chioncóin a bheag nó a mhór i gcúl a ndoirn acu; faoi na 1930idí bhí 22 milliún punt meáchain de chioncón táirgthe acu. Le linn an Dara Chogadh Domhanda, fuair Arm Impiriúil na Seapáine seilbh ar na crainn chéanna, agus fágadh fórsaí na gcomhghuaillithe gann faoi chuinín dá bharr. Saighdiúirí Meiriceánacha san Aigéan Ciúin Theas agus saighdiúirí Bhriotanacha i mBurma a bhí go mór thíos leis, mo sheanathair féin ar thaobh mo mháthar ina measc. Ba é ab ainm dó Donald Dixon CBE, agus buaileadh síos tinn le maláire é in 1943. De réir tuairisce, tháinig lí bhuí air mar fhreagairt ar an Atabrine, druga a tugadh dó in áit an chuinín. In 1944, d'fhorbair an ceimiceoir Meiriceánach agus buaiteoir Dhuais Nobel, Robert Woodward, d'fhorbair sé modh chun leagan sintéiseach de chuinín a dhéanamh, rud a mhaolódh go mór ar fhulaingt na saighdiúirí.


Clóracuín agus tae

Ó tharla go raibh roinnt iarmhairtí díobhálacha ag baint leis an gcuinín, tugadh isteach druga darbh ainm Clóracuín ina áit. Sna 1930idí a fionnadh é sin agus bhí sé in úsáid le linn an Dara Cogadh Domhanda. Ar an drochuair, faoi mar atá feicthe againn i gcás na n-antaibheathach agus na bhfrithvíreasach, níorbh fhada gur tháinig chun cinn seadáin mhaláire a bhí frithsheasmhach in aghaidh an chlóracuín, agus go raibh gá lena mhalairt de dhrugaí a fhorbairt. Ba í Ann Bishop, bitheolaí in Ollscoil Cambridge sna 1920idí agus sna 1930idí, a léirigh an fhrithsheasmhacht in aghaidh clóracuín den chéad uair. D'éirigh léi ina cuid taighde, ach ba in ainneoin gach aon bhac a bheith curtha roimpi é, ó ba í an t-aon bhean í i measc eolaithe fir agus ní chaithidís go ródheas léi. Ní ligtí di suí ag aon bhord leis an bhfoireann le linn amanna tae, fiú amháin, agus bhíodh uirthi suí fúithi ar an mbosca céadchabhrach.


Cogadh Vítneam agus airtimisinin

Tu Youyou.jpg

Tu Youyou

 , an duine a fuair Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis in 2015.

Yang Wumin/Xinhua, via Associated Press

Bhí baint mhór ag an gcogaíocht le fionnachtain airtimisinin, an druga a tháinig in áit an chlóiricín. In 1967, chuir rialtas na Síne clár taighde sa siúl, Tionscnamh 523, arbh é ab aidhm dó cosaint a thabhairt do shaighdiúirí Vítneam Thuaidh ar an maláire le linn Chogadh Vítneam. Ba é an toradh air airtimisinin a fhionnadh. Bean darbh ainm Youyou Tu, ceimiceoir, a bhí i gceannas ar an tionscnaimh. Ait go leor, ba í an fhuaim a dhéanann fianna nuair a itheann siad an Liath bhliantúil (Qinghao) a thug ar a hathair Youyou a thabhairt mar ainm uirthi - agus b'in díreach an planda as a bhfáiscfí airtimisinin féin. Agus í ag féachaint le drugaí in aghaidh maláire a fhorbairt, shocraigh sí ar dhul i leith leigheas traidisiúnta na Síne. Idir 1969 agus 1971 rinne Youyou agus a foireann dhá mhíle éigin oideas a thástáil. Bhí rath orthu ar deireadh le hoideas áirithe dar teideal ‘Oidis Folaigh i gCás Práinne’ le Ge Hong. Is é a bhí i gceist leis ná duilleoga an Qinghao a chur ar maos in uisce. Rinne Tu coigeartú beag ar an modh eastósctha agus d'éirigh léi an chomhdhúil ghníomhach a aonrú - an airtimisinin - agus b'in mar a ghnóthaigh sí Duais Nobel in 2015. Tá an druga sin á úsáid go forleathan anois agus is amhlaidh a sábháladh na milliúin duine ar an mbás leis.

Faoi mar atá feicthe againn, in ainneoin teagmháil achrannach a bheith againn leis an maláire, nílimid ar fad gan chosaint uirthi mar ghalar. Rud nach ionann agus a rá go bhfuil an cogadh thart, áfach, mar tá cineálacha nua den seadán tagtha chun cinn atá frithsheasmhach in aghaidh airtimisinine. Tá an scéal amhlaidh i gcás mórán ionfhabhtuithe eile agus tá sé ar na hábhair bhuartha is mó dá bhfuil againn ar an aimsir seo. Le cúnamh Dé, ach lorg eolaithe díograiseacha ar nós Youyou Tu a leanúint, tiocfaidh linn na dúshláin seo a shárú ar deireadh.


John Tregoning

Tá an Dochtúir John Tregoning ag obair in Imperial College London agus is sliocht athchóirithe as "Infectious", leabhar dá chuid a foilsíodh le déanaí, an scéal thuas. Déantar scagadh sa leabhar ar an maláire agus ar mhórán orgánaigh mhiocróbacha eile ar baol dúinn iad, agus cuirtear síos ann ar an gcomhrac atá déanta againne, eolaithe, ina gcoinne.

Roimhe Seo
Roimhe Seo

Duais Longitude

Ar Aghaidh
Ar Aghaidh

An Scamhóg Iarainn