An Bholgach: Galar Nach bhFeicfear Go Deo Arís
Bhí an bholgach ar an ngalar ba mharfaí riamh - ach d'éirigh di a bheith ar an gcéad ghalar ar scriosadh de dhroim an domhain é
Ba é an víreas variola ba chúis leis an mbolgach. Galar fíorthógálach a bhí inti agus ba mhinic í ina trúig bháis don té a tholgfadh í. Ó dhuine go duine a scaiptí í, go minic trí bhraonta a scaoiltí amach san aer agus an t-othar ag ligean casacht, sraoth nó caint as.
Go hiondúil thógadh sé cúpla seachtain sula nochtadh na chéad siomptóim den bholgach. Fiabhras tobann an chéad cheann, ansin tinneas cinn, tuirse, pianta agus caitheamh amach. Níor neamhchosúil le bheith buailte tinn le fliú é. Ach cúpla lá ina dhiaidh sin, thagadh gríos dhearg amach tríd an gcraiceann ar aghaidh agus ar lámha an othair agus ansin scaipeadh sé ar fud an choirp. Goiríní a bhíodh sa ghríos i dtosach, agus ar ball dhéanadh sí puchóidí lán le hangadh. Seachtain ina dhiaidh sin thagadh gearbóga orthu sin agus thitfidís den chraiceann in imeacht ama. D'fhanadh coilm ar an gcraiceann in áit na ngearbóg. D'fhéadfadh balscóidí agus puchóidí a bheith istigh sa bhéal agus sa tsrón freisin.
Bhí an bholgach chomh mór sin i gceist san Eoraip agus san Áise gur bheag duine nach dtolgfadh é am éigin ina shaol. Ar an meán, d'fhaigheadh triúr as gach deichniúir a tholgadh é bás dá dheasca. Iad siúd a tháinig slán as an ngalar, ba mhinic a gcraiceann crosach nó loite go maith aige. Tuilleadh acu, d'fhágadh an galar dall iad.
Ní raibh luibh ná leigheas ar an mbolgach. Ná níl ann go fóill.
An bholgach ar na galair ba mharfaí dá raibh riamh ann
Ní fios conas a tháinig ann don bholgach.
Is í an tagairt is luaithe dá bhfuil againn uirthi ná bás Raimsíos V, Faró na hÉigipte in 1157 RC, ó rinneadh seargán dá chorp agus tá gríos na bolgaí le haithint ar a chraiceann.
Meastar go bhfuair 60 milliún duine bás leis an mbolgach san 18ú haois amháin. Ba thrúig bháis do 300 milliún duine timpeall an domhain í sa 20ú haois.
Dá olcas an slad a rinne an bholgach thar achar trí mhíle bliain san Eoraip agus san Áise, ba mheasa fós an scéal nuair a tháinig sé chomh fada leis na pobail sin nach raibh aon teagmháil riamh acu leis an ngalar agus nach raibh aon imdhíonacht acu ina aghaidh.
Is amhlaidh, mar sin, a rinne an bholgach a chion féin chun na himpireachtaí ársa i Meiriceá Láir agus Theas a threascairt, ó thug lucht coilíneachta na hEorpa a tháinig sna sála ar Chríostóir Colambas, thug siad an bholgach leo anonn go dtí an tOileán Úr. Meastar go bhfuair breis agus trí mhilliún Astacach bás leis an mbolgach ag tús an 16ú haois, sna críocha ar a dtugtar Meicsiceo anois. Ar an dul céanna a rinne an bholgach formhór mór an phobail Incigh a chur den saol san áit a dtugaimid Peiriú air inniu.
Céad bliain ina dhiaidh sin, rinne an bholgach (in éineacht le galair eile ‘de chuid na hEorpa’ ar nós na bruitíní, na plá búbónaí agus na deilgní) rinne sí sléacht ar phobal dúchais Mheiriceá Thuaidh. Tharla an rud céanna san Astráil nuair a tháinig na chéad daoine ón Eoraip ann sa 18ú haois: líon ollmhór de bhundúchasaigh na hAstráile a fuair bás leis an mbolgach chéanna.
Tá le tuiscint as sin nach bhfuil aon ghalar i stair na cruinne ba mhó a d'imir tionchar orainn ná an bholgach.
An chéad triail chliniciúil agus Banphrionsa na Breataine Bige
Ba cheann de na chéad mhodhanna a bhí ann chun an bholgach a thabhairt faoi smacht ná an ‘gearradh’ ina haghaidh. ‘An bholgach a ghearradh ar dhuine,’ a deirtí. Is é a bhí i gceist leis ná blúirín de ghearbóg bholgaí a bhaint de dhaoine a raibh an bholgach orthu agus é a thabhairt isteach i gcorp daoine nár tholg an bholgach riamh, trína scríobadh isteach faoin gcraiceann orthu, nó trí ligean dóibh é a análú trína srón.
Agus an gearradh déanta, ba ghnách siomptóim na bolgaí a theacht ar an othar - agus is iomaí othar a d'fhaigheadh bás dá dheasca! Ach san iomlán, ba lú an líon daoine a fuair bás de bharr an ghearrtha ná mar a gheobhadh bás dá mba an bholgach iomlán a bheadh orthu. Mar sin de, b'fhiú an tairbhe an trioblóid, is dócha.
An nglacfá féin leis an ngearradh? An gceadófá an gearradh a dhéanamh ar do pháistí?
De réir cosúlachta, bhí an bholgach á gearradh ar dhaoine sa tSín ar feadh na gcéadta bliain agus go raibh eolas ar an gcleachtas san India, sa Mheánoirthear agus i gcodanna den Aifric faoi thús an 18ú haois.
An Bhantiarna Mary Wortley-Montagu, bean chéile Ambasadóir na Breataine chun na hImpireachta Otamánaí, d'fhoghlaim sí faoin ngearradh in aghaidh na bolgaí tráth a bhí sí ag cur fúithi in Iostanbúl. D'aithin sí go raibh beatha daoine á sábháil leis, agus chinn sí ar an gcleachtas céanna a thabhairt léi ar ais go dtí an Bhreatain.
Is amhlaidh a fuair a deartháir bás leis an mbolgach, agus is ar éigean Dé a tháinig sí féin slán as taom trom den ghalar in aois a 26 bliain – cé gur fágadh a haghaidh méirscrite go maith ina dhiaidh.
In 1718 agus 1721, rinne sí an gearradh a thástáil ar a beirt pháistí, agus is é is dóichí ná gur shábháil sí a mbeatha orthu. Saol an mhada bháin a bheadh ag a sliocht sin: iníon an Bhantiarna Mary, cuir i gcás, bheadh mac aici agus tráth ní b'fhaide anonn dhéanfaí an chéad Mharcas Bute de agus caislean breá ina sheilbh aige.
Is é a chuir an Bhantiarna Mary roimpi ná a chur in iúl don Rí Seoirse I gur chleachtas sábháilte a bhí sa ghearradh. Tugadh cead di an bholgach a ghearradh ar sheisear príosúnach a bhí daortha chun báis. Gealladh don seisear go saorfaí ón gcroch iad dá dtoillfidís páirt a ghlacadh sa triail. Is é an deireadh a bhí air gur éirigh an gearradh leo agus scaoileadh amach as an bpríosún iad. Rinneadh an dara tástáil ina dhiaidh sin ar aon pháiste dhéag ar fágadh ina ndílleachtaí iad.
B'in an chéad uair riamh a rinneadh a leithéid de thástálacha san Eoraip. Trialacha cliniciúla a thabharfaí ar na tástálacha sin inniu - is é sin, druga nó cóireáil nua a thástáil ar dhaoine chun a chinntiú go n-oibríonn sé agus go bhfuil sé sábháilte. Ach ní haon scéal cinnte é gur dá ndeoin féin a ghlac na daoine thuasluaite páirt i dturgnaimh úd na Bantiarna Mary. Ná ní fios ar cuireadh i dtuiscint dóibh an baol a bhain leis an gcóireáil a bhí á cur orthu. Sa lá atá inniu ann mheasfaí cur chuige na Bantiarna Mary gan a bheith ag teacht leis an gcleachtas eiticiúil.
Pé ar bith scéal é, i bhfianaise dhea-thorthaí thástálacha na Bantiarna Mary, cheadaigh an rí di an bholgach a ghearradh ar bheirt iníonacha de chuid Bhanprionsa na Breataine Bige (gariníonacha an rí féin). Ós é an rítheaghlach a bhí ann, ba thapa a chuaigh an scéal i mbéal an phobail agus níorbh fhada go raibh an cleachtas á scaipeadh i measc lucht leighis. Tamall eile, agus d'éireodh le cuid acu feabhas a chur ar an gcaoi a gcuirfí an cleachtas i bhfeidhm.
An sclábhaí agus an ministir
Fad is a bhí obair na Bantiarna Mary ar siúl i Sasana, shábhálfadh sclábhaí as an Afraic muintir Bhostúin, i Sasana Nua, ar an mbolgach. Fear é ar díoladh ina dhaor é le ministir mór le rá darbh ainm Cotton Mather in 1706. “Onesimus” a thugtaí mar ainm ar fhear na hAfraice, ach ní fios cad ab ainm dó go fírinneach, ná cárbh as dó go beacht, ná fós cathain a rugadh é.
Thug Onesimus tuairisc do Mather ar an ngearradh a bhí á chleachtadh ag muintir na hAfraice fo-Shaháraí, agus thaispeáin sé dó an rian a fágadh ar a chraiceann féin i ndiaidh na cóireála sin.
Ansin bhuail dianráig den bholgach Bostún in 1721; dealraíonn sé gurbh iad na longa lastais ón Eoraip a thug anall leo é. D'fhéach Mathers le tabhairt ar na húdaráis an gearradh a ghlacadh mar chosaint don phobal ar an ngalar. An chluas bhodhar a fuair sé ó oifigigh agus lucht leighis, áfach, iad ag déanamh staicín áiféise de as tábhacht a leagan ar bhriathra sclábhaí, duine, dar leo, nárbh fhéidir iontaoibh a chur ann. Claonadh ar bhonn cine, ar ndóigh, ba bhun le húdaráis Bhostúin a bheith ag cur i gcoinne daoine a ionaclú. É sin anuas ar an tuairim a bhí acu, de réir a gcreidimh, gurbh é toil Dé an eipidéim bholgaí a bheith ag imeacht orthu, agus nár cheart pleananna Dé a chur ó mhaith.
Ina ainneoin sin go léir, bhí dochtúir amháin darbh ainm Zabdiel Boylston a thoiligh dul sa seans leis an tseift ar thug Onesimus cur síos air. A mhac féin, trí bliana d'aois, a ghearr sé in aghaidh na bolgaí i dtosach (níorbh eol dó gurbh in díreach an rud a rinne an Bhantiarna Mary i Sasana, .i. an gnáthamh a thástáil ar a páistí féin). Ansin, ghearr sé ar bheirt sclábhaí dá chuid í. Ar deireadh, ghearrfadh sé an bholgach ar 280 duine ionas nach bhfuair bás ach seisear díobh nuair a tháinig an bholgach chomh fada leo. Ba mhór idir an ráta báis íseal sin, 2.2%, agus líon na ndaoine a fuair bás i measc an phobail nach raibh aon ghearradh déanta orthu, óir ba é 14.3% díobh siúd a tholg an bholgach a fuair bás. I bhfianaise na dtorthaí sin, ní fhéadfaí cumhacht chosanta na cóireála nua a shéanadh, agus ba é an deireadh a bhí air gur glacadh go forleathan leis an ngearradh mar chleachtas ar fud Shasana Nua.
In 2016, tugadh aitheantas d'Onesimus - dá mba mhall féin é - as ucht a ndearna sé ar mhaithe leis an eolaíocht leighis, nuair a áiríodh é i measc na “100 duine ab fhearr riamh de mhuintir Bhostúin” san iris Boston.
Mac an gharraíodóra agus cailín crúite na mbó
In 1796 a cuireadh tús le scéal an vacsaínithe faoi mar is eol dúinn anois é. Dochtúir Sasanach darbh ainm Edward Jenner, thug sé dá aire go raibh cailíní crúite bó ann a tholg bolgach bó, galar craicinn éadrom a thagann ó bha ionfhabhtaithe, agus de réir gach uile chosúlachta, a bhí imdhíonta ar an mbolgach dhaonna dá bharr sin.
Bhí cloiste ag Jenner faoi dhaoine a ghearradh in aghaidh na bolgaí, agus d'fhiafraigh sé de féin arbh fhéidir daoine a chosaint ar an mbolgach ach an bholgach bó a ghearradh orthu, ó ní raibh an galar sin leath chomh baolach leis an mbolgach dhaonna.
Chun an teoiric sin a thástáil, bhain an Dochtúir Jenner ábhar de chneá bholgaí bó ar lámh cailín crúite bó darbh ainm Sarah Nelmes agus rinne sin a ghearradh ar ghéag láimhe James Phipps, buachaill naoi mbliana d'aois ar mhac le garraíodóir Jenner é. Tamall de mhíonna ina dhiaidh sin, chuir sé Phipps ar shlí an bholgach a tholgadh arís is arís eile ach níor tholg an buachaill riamh ná choíche í.
Turgnamh - ceann eile! - nach raibh thar mholadh beirte ó thaobh na heitice de. Samhlaigh dá mbuailfí an buachaill go dona tinn leis an mbolgach - nó dá bhfaigheadh sé bás léi, fiú amháin. An dtoillfeá féin a bheith páirteach i dturgnamh den chineál sin? An gceadófá a leithéid de chóireáil a thástáil ar do leanbh féin?
Rinneadh an turgnamh céanna ar dhaoine eile ina dhiaidh sin agus d'éirigh leo go léir. In 1801, d'fhoilsigh Jenner torthaí na dturgnamh a bhí déanta aige. Chuir sé an t-aguisín seo leis an tuarascáil: ‘Ach an cleachtas seo a chur i bhfeidhm, tá de dhóchas agam gurb é an deireadh a bheidh air galar seo na bolgaí, a bhfuil an oiread sin léirscriosta déanta aici, a bheith glanta de dhroim an domhain ar fad.’
Ba é Jenner a chum an téarma ‘vacsaín’, é bunaithe ar an bhfocal Laidine ar ‘bó’ (vacca).
Tá an chuid eile den scéal ar eolas ag an saol mór. Ba ar Jenner a thit an clú agus an cháil. Maidir leis an mBantiarna Mary, is i ndearmad a chuaigh an éacht a bhí déanta aici, in ainneoin gurbh í féin a réitigh an tslí do Jenner agus do gach ar bhain sé amach.
An chéad ghalar tógálach ar cuireadh deireadh go deo leis
In imeacht ama, glacadh go forleathan leis an vacsaíniú agus ar ball fuarthas réidh leis an ngearradh, ó bhí cuma an tseanchleachtais thútaigh air.
Ait go leor, anailís dá ndearnadh le déanaí ar sheansampla den bholgadh a cuireadh i stóras céad bliain ó shin, fuarthas amach go raibh cosúlacht 99.7% aige le bolgach capaill, cosúlacht i bhfad níos láidre ná mar atá aige le bolgach bó! Ní foláir nó gurbh é bolgach capaill, mar sin, a ghearrtaí ar dhaoine am éigin san anallód, ach ní féidir an cleachtas sin a rianú siar anois. Ach go háirithe, fágann sin gur neamhchruinn an mhaise dúinn ‘vacsaíniú’ a thabhairt air, nó ba é ‘eacsaíniú’ ba cheart a thabhairt air de réir an fhocail Laidine ar ‘capall’ (equus)…
De réir a chéile cuireadh dlús le vacsaíniú an phobail, agus tháinig feabhas ar chumas dochtúirí othair ionfhabhtaithe a dhiagnóisiú agus a aonrú, rud a d'fhág gur tháinig titim mhór ar líon na gcásanna bolgaí. Faoi na 1950idí, bhí an galar ruaigthe ar fad as Stáit Aontaithe Mheiriceá agus as an Eoraip.
In 1959, chuir an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO) plean i dtoll a chéile chun an bholgach a scriosadh de dhroim an domhain ar fad. Chuige sin bhunaigh siad córas éifeachtach faireachais le go bhféadfaidís faireachán a dhéanamh ar ráigeanna galar, agus reáchtáil siad feachtas domhanda vacsaínithe. Mórán mar a bhí ar siúl acu le déanaí chun imdhíonadh ar Covid-19 a thabhairt do gach duine.
Tharla, mar sin, lá amháin sa bhliain 1977, go raibh cócaire ospidéil in Merca, baile de chuid na Somáile, darbh ainm Ali Maow Maalin, agus go ndearna sé teagmháil le beirt fhear as an gceantar a raibh an bholgach orthu. 10 lá ina dhiaidh sin, bhuail fiabhras é - agus shíl dochtúirí ar dtús gurbh í an mhaláire í, ansin gurbh í an deilgneach a bhí air. Bhí dul amú oraibh ar ndóigh, ó ba ghalar neamhchoitianta ar fad í an bholgach an uair sin féin, agus gan mórán den lucht leighis inniúil ar na comharthaí sóirt a aithint! Ach i ndeireadh na dála, aithníodh gurbh í an bholgach í agus rinneadh Ali a aonrú ionas nach bhfaigheadh aon duine eile uaidh í. Níorbh fhada go raibh sé ar ais ar a sheanléim.
Ba é an duine deireanach ar domhan an bholgach a tholgadh ó nádúr é.
Ansin, in 1978, bean darbh ainm Janet Parker, a bhí ina grianghrafadóir leighis in Ollscoil Birmingham, agus a bhí lonnaithe ar an urlár díreach os cionn Rannóg na Micribhitheolaíochta, buaileadh síos tinn í lá. Tháinig gríos craicinn uirthi cúpla lá ina dhiaidh sin ach bheadh seachtain ann sula ndiagnóiseofaí gurbh í an bholgach a bhí uirthi. Faraor, fuair sí bás ar an 11 Meán Fómhair 1978.
Ba é tuairim lucht an fhiosrúcháin a rinneadh ina dhiaidh sin gur trí chóras aeraithe an fhoirgnimh a tháinig an galar chomh fada léi, é sin nó trí theagmháil dhíreach a dhéanamh leis an víreas le linn di cuairt a thabhairt ar an tsaotharlann mhicribhitheolaíochta, mar a raibh baill foirne agus mic léinn i mbun taighde ar an mbolgach.
Ba í Janet an duine deireanach bás a fháil leis an mbolgach.
Tar éis théarnamh Ali agus bhás Janet, ní raibh aon chás den bholgach in aon áit ar domhan ón am sin i leith. In 1980, geall le dhá chéad bliain ó ndearna Edward Jenner a chuid oibre ceannródaíche, d'fhógair an WHO go hoifigiúil an domhan a bheith saor ón mbolgach.
Ba í an bholgach an chéad ghalar tógálach ar cuireadh deireadh go deo leis. Sa lá inniu, tá sé fós ar an aon ionfhabhtú daonna ar scriosadh de dhroim an domhain é.
Meas tú an éireoidh linn fáil réidh le póilió, bruitíneach agus Covid-19 chomh maith céanna?
An bhfuil tuilleadh eolais uait? Féach ar amlíne na ngalar tógálach, na gcóireálacha agus na vacsaíní a bhí ann san am a d'imigh thart!
Tiomsaíodh an téacs seo i bpáirt ag baint úsáide as na hacmhainní seo a leanas:
https://www.nationalgeographic.com/science/article/smallpox
https://www.cdc.gov/smallpox/history/history.html
https://time.com/5542895/mary-montagu-smallpox/
https://www.mayoclinic.org/diseases-conditions/smallpox/symptoms-causes/syc-20353027
https://www.historyofvaccines.org/content/blog/onesimus-smallpox-boston-cotton-mather