Loinnir na nAingeal ag Cath Shileo
Le titim na hoíche, ba dhóigh leo loinnir a theacht ar a gcneácha
Cneácha ag lonrú sa dorchadas - déarfadh duine gur den fhicsean eolaíochta é sin. Ach b'in díreach an rud a chonacthas tar éis Chath Shileo le linn Chogadh Cathartha Mheiriceá.
B'ait go leor ag saighdiúirí an feic sin; rud ní b'iontaí fós é gur mhó an seans saighdiúir a theacht slán óna ghortaithe ach an loinnir sin a theacht ar a chneácha. Ar chúis éigin, b'fhearr a chneasódh na cneácha de bharr na loinnreach.
De bhrí gan aon mhíniú a bheith acu ar an loinnir sin, agus de bhrí gur thug sí cosaint neamhshaolta, dar leo, do shaighdiúirí gortaithe, tugadh "Loinnir na nAingeal" mar leasainm uirthi.
Saighdiúirí ná dochtúirí, níor thuig siad ó thalamh an domhain cad ba chúis leis an loinnir sin, agus ar feadh i bhfad aimsire ba chuid de phiseog an chogaidh Chathartha í. Is amhlaidh a bhí cúis eolaíoch léi, ar ndóigh, ach bheadh 140 bliain ann sular thángthas air sin. Beirt daltaí meánscoile, ar deireadh thiar, a d'fhuasclódh rún an scéil.
Cath Shileo
Go luath i mí Aibreáin 1862, in iardheisceart Tennessee, a troideadh Cath Shileo. Cath fíochmhar a bhí ann agus bhí líon mór taismeach ar an dá thaobh; 3,000 a maraíodh agus 16,000 a gortaíodh. Anuas ar na daoine a fágadh marbh ar pháirc an áir bhí mórán a fuair bás sna laethanta a lean de dheasca a ngortuithe.
Bhí dochtúirí ar theann a ndíchill ag déanamh cúraim de na saighdiúirí gortaithe, ach cailleadh mórán acu mar sin féin. Níorbh iad a gcneácha a thugadh a mbás - ach an t-ionfhabhtú a leanadh iad toisc na saighdiúirí a bheith sínte i ngoirt lán lábáin nó i gcróite brocacha faoin spéir.
In áit sin na láibe is na fliche bhí rith na tíre le hionfhabhtuithe. Ba bheag tuiscint a bhí ag lucht leighis ar ionfhabhtuithe an uair sin agus ní raibh a fhios acu conas dul i ngleic leo.
Loinnir a theacht ar chneácha
Agus na saighdiúirí gortaithe ag fanacht lena n-aistriú chuig ospidéal ceart, thugaidís faoi deara rud fíoraisteach. Le crónú na hoíche cad a d'fheicfidís ach a gcneácha ag lonrú ina solas féin, rud a chuir cuma aduain dhraíochtúil orthu sa dorchadas.
Cé go mbaineadh sé sin ardgheit as na saighdiúirí, ní raibh dochar ar bith ann. Gan amhras, bhaintí geit as na dochtúirí a bhí ina dteannta chomh maith céanna. Ach thug siadsan faoi deara gurbh iad na saighdiúirí a dtagadh an loinnir orthu ba mhó a thagadh slán óna ngortuithe seachas saighdiúirí eile. Cibé rud ba chúis leis an nglésholas úd, dar leat gurbh é ba chúis leis na saighdiúirí gan bás a fháil freisin, agus tugadh "Loinnir na nAingeal" mar leasainm air dá réir sin.
Fionnachtain gan aon choinne léi
Siúd linn ar aghaidh go dtí 2001. Seo againn Bill Martin, dalta scoile sinsearach 17 mbliana d'aois, suim aige riamh anall san eolaíocht. Baictéareolaí ab ea a mháthair agus chuireadh seisean cluas le héisteacht air féin nuair a d'insíodh sí dó faoina cuid oibre. Tharla, ag an am seo, go raibh sí ag déanamh staidéir ar bhaictéir bhithlonracha agus tuairisc á tabhairt aici dá mac faoina raibh ar siúl aici.
Lena linn sin, thug an teaghlach cuairt ar láthair chatha Shileo. Cad a tharlódh le linn na cuairte ach gur léigh Bill faoi Loinnir na nAingeal. Buaileadh isteach ina aigne go bhféadfadh na baictéir bhithlonracha a bhí idir lámha ag a mháthair, go bhféadfadh siad a bheith ina gcúis le Loinnir na nAingeal. Chuir sé a thuairim faoina bráid.
Shíl sise go raibh dealramh leis agus dúirt gurbh fhiú turgnamh a cheapadh lena thástáil. D'iarr Bill ar chara leis, Jon Curtis, 18 mbliana d'aois, lámh chúnta a thabhairt dó, ó bhí an-suim aigesean san eolaíocht freisin. Chuaigh an bheirt i mbun turgnamh mar sin, féachaint cé acu ceart nó mícheart a bhí an tuairim.
An Eolaíocht laistiar den scéal
I dtús báire, rinne Bill agus Jon taighde ar na dálaí aimsire a bhí ann le linn Chath Shileo. Fuair siad amach go raibh an áit fuar fliuch agus lán lábáin ag am an chatha: b'in díreach an timpeallacht ina mbeadh Photorhabdus luminescens (P. luminescens) ag scaipeadh go rábach.
Is é atá in P. luminescens ná baictéar gléineach a dhéanann cónaí i bpéist sheadánach ar a dtugtar néimeatóid. Le linn don néimeatóid a bheith á cothú féin ar an ainmhí óstach, bíonn sí ag caitheamh amach a bhfuil ina conair dhíleá - agus na baictéir lonracha atá ag cur fúthu inti, caitear iadsan amach freisin.
Bhí ciall leis an méid sin agus bhí go breá. Bhí ceist fós le réiteach, áfach: ní dual don néimeatóid cónaí a dhéanamh i gcorp duine ó is róthe di sin mar thimpeallacht. Ach tráth an chatha, tharla an aimsir a bheith fionnuar agus ní ba fhliche ná mar ba ghnách. Anuas air sin, de réir tuairisce, bhí saighdiúirí agus iad fágtha sínte sa láib fhliuch fhuar ar feadh uaireanta fada an chloig nó ar feadh cúpla lá, fiú amháin.
Faoi na dálaí sin, níorbh fholáir nó go bhfaigheadh hipiteirme greim ar na saighdiúirí gortaithe, rud a laghdódh go mór teocht a gcoirp. Ach an fhíric sin a chur leis an tuairisc gurbh um thráthnóna, agus an lá ag dul i bhfuaire, a dtagadh an ghléloinnir chun cinn, bheadh an-dealramh leis an tuairim go raibh baint ag an néimeatóid leis an scéal. Fuacht, fliche agus salachar ag teacht le chéile: b'in iad na dálaí a réiteodh an bealach don seadán teacht chomh fada le saighdiúir gortaithe - agus ainmhí óstach a dheanamh de.
Cosaint ar ionfhabhtuithe
Faoi mar atá feicthe againn, d'éirigh le Bill agus Jon a dheimhniú gurbh fhéidir na baictéir úd a bheith in áit nach mbeadh súil agat leo, is é sin, i gcorp duine. Anois is é a bhí fúthu a fháil amach ná an fáth a mbíodh seans níos fearr ag saighdiúirí úd na gcneácha lonracha a theacht slán óna ngortuithe. Arbh fhéidir go mbeadh airíonna leighis de shaghas éigin ag P. luminescens?
Fuair siad amach gur baictéar gan dochar é P. luminescens. Go deimhin féin, is é is dual dó a dhéanamh ná cuid de na baictéir dhíobhálacha a mharú - iad siúd a chuirfeadh ionfhabhtú ar chneácha agus a chuirfeadh a dtéarnamh ar gcúl. Is é sin le rá go bhfuil feidhm acu mórán ar aon dul le feidhm na n-antaibheathach atá againn inniu.
Ní raibh aon seans ag lucht leighis é sin a thuiscint an uair sin, mar nárbh eol dóibh an ról a bheadh ag na baictéir níos déanaí i gcúrsaí leighis, agus ar ndóigh, ní bheadh aon chaint ar antaibheathaigh go dtí go dtiocfaidís chun solais in 1928, tráth a d'fhorbródh Alexander Fleming peinicillin. Dá mbeadh an t-eolas sin ann in 1862, seans maith go bhféachfadh na dochtúirí leis an mbaictéar P. luminescens a úsáid chun cosaint in aghaidh ionfhabhtuithe a thabhairt do na saighdiúirí go léir.
De thoradh a gcuid oibre, tugadh an deis do Bill agus Jon a raibh faighte amach acu a chur i láthair an phobail le linn Aonach na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta in San Jose, California, mí an Mheithimh 2001. Ghnóthaigh siad an phríomhdhuais as ucht a gcuid taighde i gcúrsaí fionnachtana.
Sular fuasclaíodh an rún seo, ba é tuairim lucht staire nach raibh i scéal na gcneácha lonracha ach piseog, ach, i bhfianaise a bhfuair na heolaithe óga seo amach, is mó ar fad an dealramh atá leis an scéal anois mar ní féidir loighic a gconclúide a shéanadh.
Foilsíodh an scéal seo roimhe seo in 2019 ag War History Online.
https://www.warhistoryonline.com/instant-articles/the-mysterious-angel-glow.html