Scéal Tragóideach Typhoid Mary

Nuair a bhuail roinnt ráigeanna den tíofóideach cathair Nua-Eabhrac, cuireadh i leith bean darbh ainm Mary Mallon gurbh ise amháin ba chúis leo. Fógraíodh gur “Bhaol don phobal mór” a bhí inti agus cuireadh i ngéibheann í dá réir sin. Ach an amhlaidh a caitheadh go héagórach léi?

 
Riverside_Hospital_North_Brother_Island.jpg

North Brother Island, mar a raibh Mary Mallon i ngéibheann ar feadh 26 bliain, agus mar a bhfuair sí bás. Tearmann d'éanlaith uisce atá ann anois. Grianghraf: Reivax.

Oileán beag bídeach san East River, Nua Eabhrac, is ea North Brother Island, gan ann ach 16 acra. Tá sé leathbhealach idir an Bronx agus an t-oileán stairiúil eile úd, Riker's Island. Tá an t-oileán beag tréigthe le fada, agus é ina thearmann d'éanlaith uisce anois. Tá tithe na mbrící rua fágtha go díblí mantach, iad múchta le plandaí dreapadóireachta, agus tá smionagar de sheantroscán lofa ina luí ar fud na háite istigh iontu. Anuas go dtí na 1960idí, tráth a dúnadh an tsaoráid seo, b'éagsúil agus ba líonmhar na heasláin a ndéantaí cúram díobh inti: daoine a raibh an bholgach orthu, daoine a raibh eitinn orthu, agus déagóirí a bhí gafa ag na drugaí, gan ach na samplaí sin a lua.

Ina theannta sin, ar feadh breis agus fiche cúig bliain, ba ann a coinníodh, in éadan a tola, bean nár choirpeach ná easlán í, bean ar tugadh Typhoid Mary mar leasainm uirthi.


Bíonn baictéir thíofóidigh fós ar iompar ina gcolainn ag 4% díobh siúd a bhíonn ag téarnamh ón tíofóideach, ionas go mbíonn an baol fós ann go scaipfidh siad an galar agus go dtiocfaidh ráig nua de chun cinn dá dheasca sin.


In aois a tríocha seacht bliain a bhí Mary Mallon, imirceadh as Éirinn, nuair a seoladh go North Brother Island í in 1907. Murab ionann agus othair eile, ní raibh siomptóim ar bith le haithint uirthi. I mbungaló aon seomra san oileán a cuireadh í. Dar léi gur curtha i ngéibheann gan chúis a bhí sí agus chuir sí a míshástacht in iúl i litir a scríobh sí chuig fear nuachtáin in 1909: “Ní raibh tíofóideach orm le mo bheo ach mé ar fónamh na sláinte i gcónaí. 'Dé chúis, mar sin, mé a ruaigeadh amach anseo i mo dhíbeartach, mé a choinneáil faoi ghaibhniú aonair agus gan ach madra mar chompánach agam?"

Ba é freagra na ceiste sin, i mbeagán focal, gur measadh Mary a bheith ina baol don tsláinte phoiblí ó tharla gur chócaire teaghlaigh í.

I samhradh na bliana 1906, fuair Mary post in Long Island le teaghlach baincéir darbh ainm Charles Henry Warren. I mí Lúnasa, buaileadh seisear den líon tí síos tinn le fiabhras tíofóideach, galar a chuirfeadh 13,000 duine den saol in SAM an bhliain sin. Mar sin féin, b'ait an rud é an galar sin a theacht chun cinn i gceantar galánta ar nós Oyster Bay, mar a raibh lucht an rachmais ag cur fúthu. Ba thúisce a shamhlófaí é leis na ceantair bhrocacha ina raibh cónaí ar bhochtáin. Pé scéal é, bhí eagla ar an tiarna talún i dtaobh a chíosa agus ní dhearna sé aon mhoill ach fios a chur ar fhiosraitheoir chun bun agus lorg na ráige a chur.


Ba é George Soper an fiosraitheoir sin, innealtóir sibhialta a raibh taithí aige ar rian tíofóidigh a chur ó thaobh na heipidéimeolaíochta de. D'iniúch sé soláthar bainne an tí féachaint an raibh salú déanta air; d'iniúch sé an tobar as a bhfuair an líon tí a gcuid uisce féachaint an raibh aon truailliú ann. Chuir sé an líon tí ar fad faoi agallamh, chuir amlíne i dtoll a chéile, agus ar deireadh thiar, leag sé a amhras ar aon duine amháin.

Fuair sé amach gur i gcomhthráth lena chéile a tháinig an galar agus Mary chun an tí. Ina theannta sin, tugadh le fios dó gur bhéas le Mary milseog áirithe le huachtar reoite a réiteach, milseog a raibh slisíní de phéitseoga úra mar sméar mhullaigh air. Ba mhaith ab eol do Soper gurbh iontach an t-ábhar na péitseoga chun Salmonella typhi, an baictéar ba chúis le tíofóideach, a iompar - ó is bia amh iad.

Rinne Soper cúlra Mary a iniúchadh tríd isteach, agus thug dá aire patrún a bhain preab as. Seo an tuairisc i scríbhinn a thug sé ar an scéal in 1907: “Tá faighte amach agam gur oibrigh sí le hocht gcinn de theaghlaigh sna deich mbliana a d'imigh thart. Bhuail tíofóideach seacht dteaghlach díobh sin ar theacht ina láthair do Mary. Ach, rud ait, dá mhéad eipidéimí a raibh baint aici leo, níor tháinig tíofóideach riamh uirthi féin.”

I Márta na bliana 1907, bhuail Soper isteach i dteach ar Park Avenue, mar a raibh cónaí ag fostóir nua Mary, agus d'inis di go raibh Mary ag scaipeadh tíofóidigh; d'éiligh sé go dtabharfaí samplaí dá faecas, dá fual agus dá fuil dó ar an bpointe boise. Dar le Mary gur i mbarr a sláinte a bhí sí, agus ní dócha go raibh cloiste aici faoi dhaoine a raibh ionfhabhtú ‘ar iompar acu’ gan iad féin a bheith tinn - ó ba coincheap nua é sin do lucht eolaíochta, fiú amháin. Ní raibh aon ghlacadh aici le caint Soper; tharraing sí chuici forc cistine agus ruaig amach as an teach é.

Ní raibh lá rúin ag Soper an scéal a fhágáil mar sin. Chuir sé a raibh faighte amach aige faoi bhráid údaráis sláinte na cathrach. Chuir siadsan fios ar na póilíní. Cuireadh tástáil ar Mary le láimh láidir agus fuarthas amach go raibh líon ard de bhachaillíní tíofóidigh ina faecas tar éis an tsaoil. Seoladh go North Brother Island í.

Typhoid Máire.jpg

Pictiúr a foilsíodh in 1909 san iris New York American ina léirítear Mary Mallon, nó “Typhoid Mary”, mar a thugtaí uirthi.


Níor aontaigh gach duine an uair sin gur cheart an rud é Mary a choinneáil i ngéibheann, ná go raibh aon ghá é a dhéanamh, fiú amháin. Ar na daoine nár aontaigh leis bhí W.P Mason ón Rensselaer Polytechnic Institute. Thug seisean le fios, in alt a scríobh sé don iris san Science, gur measadh baictéir a bheith fós ar iompar ag 4% díobh siúd a raibh taom tíofóidigh curtha thart acu. Ní raibh aon amhras, mar sin, go bhféadfadh na daoine sin a bheith ina gcúis le ráigeanna nua den ghalar ach oiread le Mary. Seo mar a chuir sé síos air:

"I láthair na huaire, is dócha go bhfuil 560 iompróirí tíofóidigh ar a gcois i stát Nua-Eabhrac amháin... Ní féidir dúinn iad go léir a chur faoi choimeád. Cén mhaith dúinn, mar sin, duine amháin acu a ghabháil agus a chur i bpríosún?"

Bliain ina dhiaidh sin, tharla gur aontaigh breitheamh leis an tuairim sin: scaoileadh Mary amach ar an gcoinníoll go scoirfeadh sí de bheith ag obair mar chócaire.

Bhí go maith agus ní raibh go holc. Ach in 1915, bhuail ráig den tíofóideach Ospidéal Máithreachais Sloane: fiche cúig duine a buaileadh síos tinn agus fuair beirt acu bás. Cad a gheofaí amach ach go raibh Mary Mallon fostaithe sna cistineacha faoi ainm bréige. Thráigh trua an phobail di agus tugadh gach aon drochainm uirthi anuas ar “Typhoid Mary”. “Máthair an Ghalair ina steillbheatha ,” a thug fear nuachtáin uirthi; “scairdeán soghluaiste tíofóidigh” a thug fear eile uirthi.

Seoladh ar ais go North Brother Island í, agus is ann a fuair sí bás, fágtha ar an uaigneas, fiche trí bliain níos déanaí.

Is iontach an chaoi a bhfuilimid éirithe cleachta ar an gCoraintín ó tháinig ann do COVID-19 - agus is aisteach an chaoi a bhfuil glactha againn leis. Ní bhíonn an t-aonarachas a leath chomh huaigneach nuair is i dteannta a chéile a chleachtar é, is dóigh. Ach le teacht COVID-19, tá curtha i gcuimhne dúinn, leis, gurb iad rudaí a leanann eipidéimí ná géarú ar aon éagothroime shóisialta atá ann cheana féin, agus an baol go gcuirfí an bhagairt phaitigíneach i leith pobail áirithe.

Arbh amhlaidh gur ró-éasca an rud é milleán iomlán an ghalair a leagan ar imirceach mná, bean den lucht oibre - gan trácht ar a hainm a nascadh go deo leis an ngalar céanna?

In 1919, mhol George Soper go láidir do lucht gairme - daoine dá mhacasamhail féin - a bheith an-chúramach agus iad ag roghnú a gcócairí, é ag tabhairt le tuiscint gur mhór an baol go dtabharfaidís galar tógálach isteach sa teach leo. "Go rímhinic ní bhíonn eolas dá laghad againn orthu," is ea a scríobh sé.

Bhí an méid seo le rá ag an staraí leighis Judith Walzer Leavitt faoin scéal: “Ní mar gheall gur bhean í a díbríodh Mary Mallon go dtí an t-oileán, ach mar sin féin, ní dócha go dtabharfaí an drochbhail chéanna uirthi murach gur bhean a bhí inti." Ní mó ná gur cuireadh i ngéibheann í, dar le Leavitt, toisc gur bhean neamhphósta Chaitliceach de bhunadh na hÉireann í, ná toisc nach raibh inti ach cailín aimsire. Ach chomh fada leis na gairmí meánaicmeacha ar casadh uirthi iad, ba chomharthaí sóirt iad sin go léir a “a tháinig le tuairimí agus claontaí airithe a bhí i gcúrsaíocht,... rud a thug le fios dóibh gur dhuine í Mary a raibh an drochbhraon inti agus nárbh fhearr rud a dhéanfaí ná fáil réidh léi.”

Faoin am a fuair Mary Mallon bás, bhíothas tar éis na céadta iompróirí tíofóidigh a aimsiú, gan aon duine acu tinn ach oiread le Mary. Bhí fear díobh, ar a laghad, a rinne neamhshuim den ordú a tugadh dó gan a bheith ag obair le bia. Úinéir bácúis i Nua Eabhrac ab ea é.

Níor cuireadh i bpríosún an fear sin, áfach. Níor cuireadh i bpríosún ach Mary.


Gavi, the Vaccine Alliance a chéadfhoilsigh an scéal seo an 18 Meitheamh 2021.

https://www.gavi.org/vaccineswork/long-view-tragedy-typhoid-mary


Maya Prabhu

Scríbhneoir de bhunadh na hIndia agus na Gearmáine í Maya Prabhu. San Afraic Thoir agus Theas is mó a chaith sí a hóige agus sa Chéinia agus in Uganda a chuir sí tús lena saol gairmiúil. Tá sí ag cur fúithi anois in Bangalore lena páirtí agus a madra. Tá bunchéim aici sa Stair ó Ollscoil Cambridge (MA Cantab), maille le MSc sa Chaidreamh Idirnáisiúnta & Meáin Chumarsáide ón London School of Economics. Is é an Béarla a rogha teanga, ach tá an Ghearmáinis ar a toil aici, tá a bheag nó a mhór d'Fhraincis aici, agus tá sí ag foghlaim na Hiondúise.

Roimhe seo
Roimhe seo

John Snow agus Hanla Caidéil na Sláinte Poiblí

Ar Aghaidh
Ar Aghaidh

Loinnir na nAingeal ag Cath Shileo