An Scamhóg Iarainn
Sa bhliain 1955 a tháinig ann do vacsaín lena bhféadfaí póilió a thabhairt faoi smacht, ach roimhe sin ní raibh aon leigheas ar ghalar úd na pairilise. An t-othar a choinneáil beo ar éigean, b'in an méid arbh fhéidir a dhéanamh, agus ba í an scamhóg iarainn an chóireáil ab fhearr dá raibh ar fáil. Faoi lár an fichiú haois, bhí an gléas sin ina shiombail den eagla a chuireadh an galar sin, póilió, ar mhuintir Mheiriceá.
Scanraithe as a gcraiceann roimh phóilió eipidéimeach a bhí muintir uile Mheiriceá sna 1950idí. De réir na dtaifead, bhí 15,000 duine ar chuir póilió pairilis orthu gach bliain, agus léiríodh i suirbhé a rinneadh in 1952 gurbh é an t-aon rud a raibh níos mó eagla ag Meiriceánaigh roimhe ná buamaí núicléacha a thitim anuas orthu as an spéir gheal ghorm. Ba é an galar ina steillbheatha acu an scamhóg iarainn - agus rinne siad cailleach an uafáis di, inneall ifreanda as tromluí tachtach traochta, siombail an sceimhle féin.
Más deacair dúinne an eagla sin a thabhairt chun cuimhne, is a bhuí le fear darbh ainm Jonas Salk é, mar thug seisean isteach an vacsaín phóilió in 1955, rud a chuir an galar go mór ar gcúl. Ba é an slua-vacsaíniú a lean - agus ba mhór an t-athrú saoil é. In 1952, an bhliain ba mheasa ó thaobh scaipeadh an ghalair de, deimhníodh 58,000 cás de phóilió sna Stáit Aontaithe amháin; faoi 1957, bhí líon na gcásanna tite faoi bhun 5,500, agus le linn na 1960idí bhí níos lú ná deichniúir Meiriceánach gach bliain ar chuir an galar pairilis orthu. Cuireadh an scamhóg iarainn as feidhm ar an toirt. Ní bheadh inti ina dhiaidh sin ach seaniarsma den ré chorraitheach úd, í ag déanamh meirge in íoslach músaeim éigin.
Ach sular tharla sin, shábháil an scamhóg iarainn beatha na mílte.
Cé go bhfuil an póilióivíreas ann leis na cianta cairbreacha, ní raibh trácht ar aon ráig mhór de pholaimiailíteas go dtí deireadh an 19ú haois. Ach ó 1916 ar aghaidh, thagadh ráigeanna móra den ionfhabhtú gach samhradh i gcodanna áirithe de Mheiriceá agus páistí ba mhó a bhuailtí leis. Ní raibh de chóireáil ar an ngalar ach cúram tacúil, agus, go deimhin, is amhlaidh atá an scéal inniu. I bhformhór na gcásanna, ní mhaireadh siomptóim an víris rófhada, ach in aon chás as 200, nach mór, pairilis gan leigheas a ghabhadh an t-othar. Dá mba iad na matáin anála a bheadh buailte, ba é an bás de dheasca a phlúchta a gheobhadh an t-othar – agus diabhal rud a d'fhéadfadh na dochtúirí a dhéanamh mar gheall air.
Ansin, i ndeireadh na 1920idí, tharla innealtóir agus sláinteolaí tionsclaíoch as Harvard darbh ainm Philip Drinker, tharla é a bheith ar cuairt in Ospidéal Leanaí Bhostúin ag fiosrú cúrsaí aerchóirithe. Ag gabháil trí bharda áirithe dó, ní fhéadfadh sé gan na páistí a bhí ann a thabhairt faoi deara, ó bhí siad go léir ag fáil bháis le cliseadh riospráide de dheasca póilió. A dheirfiúr, Catherine Drinker, thug sise an cur síos seo ar a bhfaca sé: "Na haghaidheanna beaga gorma sin, iad ar saothar uafásach anála, ní fhéadfadh sé iad a chur óna aigne."
Bhí Drinker deimhin de go bhféadfadh sé teacht i gcabhair orthu; tharla é a bheith ag obair i gcomhar le dochtúir darbh ainm Louis Agassiz Shaw, agus bhí an bheirt i mbun meaisín a fhorbairt arbh é ab fheidhm leis daoine ar buaileadh síos le nimhiú gáis nó le turraing leictreach iad, a athbheochan.
Sa bhliain 1928, rinne an bheirt fréamhshamhail de scamhóg iarainn a thástáil ar othar ocht mbliana d'aois. Bhí an cailín beag agus í gan aithne gan urlabhra de cheal ocsaigine nuair a sháigh siad isteach ar bhéal an mheaisín í, meaisín ar chuma é nó fomhuireán uilleach aduain.
Bhí ceann an chailín ina luí ar chúisín lasmuigh de bhéal an tsorcóra, faoi bhrú atmaisféarach. Fáinne rubair a bhí um a scornach mar shéala, agus bhí boilg mheicniúla, arna gcumhachtú le leictreachas, ag cur an bhrú aeir sa sorcóir in airde agus i laghad, seal agus seal. Agus an meaisín ag oibriú leis ar an gcaoi sin, thagadh borradh agus crapadh faoi chliabhán an chailín; is amhlaidh a bhí a scamhóga á líonadh agus á bhfolmhú, agus ar ball beag dhúisigh sí as a tromshuan. Faraor, fuair sí bás 122 uair an chloig ina dhiaidh sin, ach léiríodh sa scrúdú iarbháis gurbh é an niúmóine a thug a bás, agus nach raibh aon bhaint ag an meaisín leis.
Ba é a dúirt Drinker agus Shaw ina dtuairisc in 1929: “Le linn di a bheith faoin análaitheoir, bhí an cailín in ann caint a dhéanamh, dul a choladh, agus bia a chaitheamh, fad a bhí na caidéil ag oibriú leo."
Ach ba mheall mór anásta de mheaisín é agus bhí costas mór ag baint leis. In 1931, rinne John Haven Emerson leagan eile den mheaisín nach raibh chomh hanásta ná chomh costasach céanna. Mar sin féin, bhí ráig phóilió faoi lán seoil an uair sin, agus práinn ann dá réir. Cheana féin, in 1939, bhí 1,000 scamhóg iarainn i mbun seirbhíse ar fud Stáit Aontaithe Mheiriceá. Bhí othair ann nár leor an scamhóg iarainn féin chun an bás a choinneáil amach uathu. Bhí tuilleadh acu agus ba leor an scamhóg iarainn chun iad a choinneáil beo seal ama, ionas go gcuirfeadh a gcóras imdhíonachta féin an ruaig ar an ngalar agus go dtiocfaidís chucu féin. Tuilleadh fós, agus seal níos faide sa scamhóg iarainn a bhí de dhíth orthu. Tharla gur rugadh leanaí i mbroinn na scamhóige iarainn; bhí daoine ar éirigh leo céim sa dlí a bhaint amach inti, fiú amháin; agus, dá ndéarfadh duine é, rinneadh daoine a dhúnmharú inti freisin.
Níl aon amhras ach gur saol uafásach a bhí ag na daoine a raibh a mbeo ag brath ar an scamhóg iarainn. D'fhéadfadh an cur isteach ba lú iad a chur siar go gleann na ngealt – "Abair dá ndéanfá gáire agus go gcuirfeadh sé deora le do shúile, rachadh na deora síos isteach i do chluasa agus diabhal rud a d'fheadfá a dhéanamh mar gheall air." B'in cuimhne a bhí ag duine a thug seal ina phríosúnach sa scamhóg iarainn. Bhíodh daoine glan scuabtha as a gceann ag rudaí mar sin. Ach níorbh é ba mheasa: in 2008, bean darbh ainm Dianne Odell, a bhí ar na daoine deireanacha sna Stáit Aontaithe scamhóg iarainn a úsáid, fuair sí bás de dheasca briseadh cumhachta.
Bean darbh ainm Mona Randolph, tholg sí póilió in 1956, bliain tar éis vacsaín Salk a theacht ar an margadh. Bhí sí 20 bliain d'aois, í níos sine, mar sin, ná an déimeagrafach lena mbaineadh an galar de ghnáth. Faoin tríú lá, b'iúd istigh i scamhóg iarainn di, agus is inti sin a tháinig sí chuici féin ar ball. Dála daoine ámharacha eile a tháinig slán ón bpóilió, níor fhág an galar d'iarmhairt uirthi ach leathlámh mórán gan bhrí. Ach sna 1980idí, chuaigh a sláinte in olcas. Siondróm iarphóilió a bhí uirthi, agus deacrachtaí móra anála ag gabháil leis. Ar feadh na mblianta ina dhiaidh sin, aon uair a bheadh sí spíonta amach tar éis lá fada diananála, bheadh uirthi an scamhóg iarainn a thabhairt uirthi féin athuair, tráth nach rabhthas ag táirgeadh an tseanmheaisín sin níos mó, fiú amháin.
Bliain roimh di bás a fháil in 2019, thug sí ráiteas don Kansas City Star, á rá, “Faoiseamh is ea é dul isteach inti, agus cad é mar fhaoiseamh é éirí amach aisti freisin."
Gavi, the Vaccine Alliance a chéadfhoilsigh an scéal seo an 1 Iúil 2021.
https://www.gavi.org/vaccineswork/long-view-iron-lung