John Snow agus Hanla Caidéil na Sláinte Poiblí

In 1854, tharla ráig de "Chalar na hÁise", galar nach raibh mórán eolais air, sa cheantar Soho i Londain. Tharraing sé sin aird dochtúir áitiúil, duine a raibh mianach eolaíoch go smior ann agus cur chuige ceannródaíoch dá réir. Na fionnachtana a dhéanfadh an dochtúir seo ina dhiaidh sin, d'athróidís an saol ó bhonn. Ach sula dtarlódh sin, bheadh air dul i ngleic le sean-namhaid úd an leasa choitinn: lucht polaitíochta ag tabhairt tús áite dá leas féin.

 

Ar an 2 Meán Fómhair, 1854, fuair leanbh bocht nuabheirthe, Frances Lewis, fuair sí bás in Soho, ceantar de chuid Londan, tar éis drochruaig bhuinní a mhair ceithre lá. Rinne a máthair, Sarah, éadaí brocacha an linbh a ní, agus chaith sí an t-uisce salach amach sa pholl pluda a bhí os comhair thigh an teaghlaigh. Is tapa a scaipeann Calar. Ní raibh ach deich lá imithe thart nuair a bhí breis agus cúig chéad duine eile marbh. Bhí cónaí ar a bhformhór in aon chomharsanacht amháin, is é sin, in aice le Broad Street, mar a raibh muintir Lewis ag cur fúthu.


Dá dhíchéillí féin is a bhí "teoiric an mhiasma", ba mhór an feabhas a chuir an díocas chun "sláintíochtachais" ar chathair Londan ach go háirithe. Agus fuadar chomh mór sin faoi dhaoine "an brocamas" a sciúradh chun siúil, ba é a thoradh ná feabhas a theacht ar bhainistiú an chórais séarachais agus feabhas a theacht ar shláinte an phobail dá réir.


Ceantar a raibh ainm na galántachta air ab ea Soho tráth, ach sa 19ú haois tháinig borradh as cuimse faoi dhaonra Londan nó gur éirigh Soho ina cheantar róphlódaithe, é lán de thionóntáin ina raibh mórán teaghlach ag maireachtáil sa mhullach ar a chéile. Ba bhéas lena lán díobh sin a salachar a chaitheamh amach i bpoill phluda sa tsráid. Faoi shamhradh na bliana 1858, bhí boladh an fhaecais dhaonna éirithe chomh tachtach chomh huafásach sin i lár chathair Londan, go háirithe feadh bhruach na Tamaise, gurbh é a thabharfaí ar an tréimhse sin sna blianta a lean ná “An Bréantas Mór”.

“Teoiric an Mhiasma”, b'in é rogha na coitiantachta i measc lucht leighis an uair sin i dtaobh scaipeadh na ngalar. De réir na teoirice, ba é ba chúis le gach ráig ná an t-aer féin a bheith salach lofa; bhí daoine ann a bhí níos soghabhálaí ná a chéile, agus iadsan ba thúisce a shúfadh "nimh" ón aer nó go rachadh sé sin isteach ina gcuid fola agus go gcuirfeadh sé tinneas ginearálaithe orthu.


John Páipéar sneachta.jpg

Bhí duine amháin sa chomharsanacht, áfach, fear eolaíochta, a raibh a chuid tuairimí féin aige. Dochtúir darbh ainm John Snow é sin, agus bhí ardspéis aige i gcalar ó bhí ráig 1832 ann. Ba dhóigh leis, ar an gcaoi a mbíodh an galar ag scaipeadh, gur ghalar tógálach a bhí ann aige seachas a mhalairt. I bhfocail eile, gurbh iad frídíní faoi deara é, ach ní raibh ach fiorbheagán de lucht leighis an uair sin a ghéill do theoiric na bhfrídíní. Le linn eipidéim a thit amach in 1848, rinne Snow dul chun cinn na breoiteachta a rianú, rud a chuir ar a chumas feoil a chur lena hipitéis, is é sin, gur ghalar ann féin é calar, agus gurbh ó dhuine go duine a bhí sé á scaipeadh trí uisce truaillithe le faecas daonna, agus b'in díreach an tuairim a leag sé amach i bpaimfléad a chuir sé amach in 1849 dar teideal, Ar Mhodh Traschuir Calair.

Ach ba bheag suim a chuir lucht leighis ann mar phaimfléad.

Dá mba ea féin, bhí deis ag Snow tuilleadh sonraí a bhailiú nuair a tháinig an ráig in 1854. Mar seo a chuir sé síos air: "Bhí de thuairim agam gur uisce truaillithe a bhí ag teacht ó chaidéal Broad Street, caidéal a raibh tír agus talamh ag tarraingt uisce as.... ach ar an uisce a scrúdú dom, is ar éigean a fuair mé aon salachar orgánach ann... Mar sin de, d'iarr mé liosta na marbh de bharr calair ó Oifig an Ard-Chláraitheora".

Agus an liosta sin ag Snow, bhí ar a chumas suirbhé a dhéanamh ó theach go teach sa cheantar, agus mapa a dhéanamh de réir áit chónaithe na marbh. Chuir sé marc dubh ar an mapa san áit a bhfuair duine bás le calar. Ní nárbh ionadh, cad a bheadh aige ag an deireadh ach mapa ina raibh na marcanna dubha uile i dtithe a bhí lonnaithe timpeall chaidéal uisce Broad Street.

B'iontaí fós é na cásanna fánacha a chuir bonn níos láidre faoi na torthaí sin. Bean a fuair bás le calar i bhfad ar shiúl in Hampstead, mar shampla, tharla go raibh cónaí uirthi in Broad Street tráth, agus toisc gur thaitin léi i gcónaí blas an uisce ó chaidéal na sráide sin, ar an 31 Lúnasa chuir sí duine ag triall ar Broad Street chun buidéal den uisce céanna a thabhairt ar ais chuici in Hampstead. Agus b'in an rud a thug a bás. Ar an taobh eile den scéal, bhí teach na mbocht láímh leis an gcaidéil mharfaigh - ach gan aon duine básaithe le calar ann. Nuair a rinne Snow an scéal a fhiosrú, cad a gheobhadh sé amach ach go raibh a sholáthar uisce féin ag an teach sin nach raibh aon bhaint aige le caidéal Broad Street.

Léarscáil soho.jpg

An mapa a rinne John Snow in 1854, ina léiritear áit chónaithe na ndaoine a fuair bás le calar


Sráid Broadwick.jpg

Tá macasamhail den seanchaidéal ina seasamh in Broadwick Street inniu, i gcuimhne ar an eachtra chinniúnach úd i stair na heipidéimeolaíochta

Rinne Snow amach go raibh uisce ón bpoll pluda inar chaith Sarah Lewis an t-uisce níocháin salach an lá úd, go raibh sé tar éis sileadh isteach i soláthar uisce an chaidéil. Ar an 7 Meán Fómhair, chuir sé a thorthaí faoi bhráid údaráis an pharóiste. Dochtúir as an gceantar darbh ainm Edwin Lankester, is mar seo a chuir sé síos ar ar lean: "Diabhal duine acu a ghéill dó - diabhal duine dá chomh-dhochtúirí a ghéill, diabhal duine sa pharóiste féin a ghéill do thuairim Snow." Mar sin féin, d'éirigh le Snow a thabhairt orthu an hanla a bhaint den chaidéal.

"Dúnadh an caidéal agus b'in an phlá curtha ar gcúl," arsa Lankester mar fhocal scoir.

Broadwick Street a thugtar ar an tsráid sin inniu, agus ar chúinne den tsráid, os comhair tigh óil darb ainm John Snow, tá macasamhail dhúlaicearaithe den chaidéal - agus an hanla bainte de. Tá séadchomhartha níos sine in aice láimhe: cloch cholbha rua-eibhir a bhfuil na focail seo greanta uirthi: "Seo an áit a raibh caidéal sráide Broad Street lena ndearna an Dochtúir John Snow a fhionnachtain stairiúil in 1854, .i. gur tríd an uisce a tharchuirtear calar." Díreach cúpla slat uaidh sin tá plaic ar crochadh ar an mballa ina luaitear John Snow mar "Bunaitheoir na hEipidéimeolaíochta". Tá pláta ar bhonn an chaidéil ar a bhfuil scríofa, "Siombail idirnáisiúnta den tsláinte phoiblí feasta is ea an frása 'An hanla a bhaint den chaidéal'".


Is maith ann na séadchomharthaí poiblí, ach is ródheas ar fad an leagan de scéal na heolaíochta a fhaigheann tú uathu. Ar phlaiceanna cuimhneacháin a léamh, is é ba dhóigh leat ná gur conair réidh dhíreach é dul chun cinn na heolaíochta, conair a bhfuil gach aon lampa feadh na slí ag soilsiú an bhealaigh do lucht eolaíochta chun na bhfionnachtana móra stairiúla. Chomh fada le heipidéim chalair Londan de, shílfeá go mbeadh glacadh le hanailís John Snow ar an bpointe boise agus, i bhfianaise a raibh tite amach, go dtuigfeadh gach duine go raibh dealramh le teoiric na ngalar tógálach. Is é fírinne an scéil, áfach, nár ghlac lucht leighis leis an eolas nua ach go malltriallach spadánta. Agus níor cuireadh san áireamh i gceart é i gcúrsaí sláinte poiblí go ceann tamall maith ina dhiaidh sin. Má bhí glacadh ar bith leis, ba mar chuid den "tsláintíochtachas" é, óir b'in an cur chuige ba mhó a raibh tóir air i measc lucht leighis an uair sin, é fréamhaithe sa loighic a bhain le teoiric úd an "mhiasma".

"San aer nó san uisce is dóichí gur féidir leis an ionfhabhtú fás." B'in an chonclúid a thug an coiste eolaíochta uathu ina dtuairisc faoi eipidéim 1854, arbh é a gcúram í a fhiosrú. Is ar éigean a thug siad a ceart d'obair Snow. "Chomh fada le haer agus uisce de," a dúirt siad, "is follasach gurb é a leanann ceann acu a bheith neamhghlan ná neamhghlaine an chinn eile; sna codanna sin den ardchathair ina bhfuil slad déanta ag an gcalar, tá sé idir dhá cheann na meá cé acu ceann is measa, an t-aer nó an t-uisce."

Dá dhíchéillí féin is a bhí "teoiric an mhiasma", ba mhór an feabhas a chuir an díocas chun "sláintíochtachais" ar chathair Londan ach go háirithe. Agus fuadar chomh mór sin faoi dhaoine "an brocamas" a sciúradh chun siúil, ba é a thoradh ná feabhas a theacht ar bhainistiú an chórais séarachais agus feabhas a theacht ar shláinte an phobail dá réir. In imeacht aimsire, agus le carnadh na fianaise a léirigh go raibh an ceart ag Snow, tháinig teoiric na ngalar tógálach go mór chun cinn i gcúrsaí sláinte poiblí sa Bhreatain.

Níorbh í an Bhreatain an t-aon tír a bhí buailte ag calar, áfach. Ní raibh i ráigeanna úd na 1950idí ach cuid bheag den tríú paindéim chalair: ionfhabhtú domhanda millteanach a d'fhág milliún ar lár sa Rúis agus 15,000 i Meice, a rinne slad in Oileán Mhuirís ceithre huaire as a chéile, agus, an dá luaithe is a bhain Cuan Nua-Eabhrac amach, a rinne scrios ar fud Stáit Aontaithe Mheiriceá. Thaistil an galar chomh fada leis an nGréig agus an Tuirc, é neadaithe i measc saighdiúirí a bhí á seoladh chun cogaidh sa Chrimé. Bhuail sé an India arís is arís eile, ó b'in an áit inar tháinig sé chun cinn i dtosach.

Ar ndóigh, agus é léirithe ag John Snow go bhféadfadh clúidín linbh a bheith ina chúis le hionfhabhtú a scaipeadh i measc pobal iomlán, bhí le tuiscint as sin gurbh in an chaoi a bhféadfadh calar scaipeadh in áiteanna ar nós Calcúta agus Caireo; ba scéal cinnte é, mar sin, go bhféadfadh calar a bheith ar iompar trasna na bhfarraigí i mbroinn loinge, nó a bheith ar iompar ag na mairnéalaigh féin. Ach ar feadh na mblianta, lasmuigh d'Éirinn agus an Bhreatain Mhór ach go háirithe, ní raibh aon ghlacadh ag údaráis Impireacht na Breataine le teoiric na ngalar tógálach, iad suite de gurbh é teoiric an mhiasma (nó "tionchar na timpeallachta") ba dhóichí ba chúis le scaipeadh calair. Bhí an tuairim sin fréamhaithe sa bhuntuiscint a bhí ag muintir an Iarthair i dtaobh an Oirthir, is é sin, gur i bhfad ar gcúl a bhí an tOirthear mar shibhialtacht.

Agus a geilleagar ag brath go mór ar thrádáil agus loingseoireacht, ba é leas na Breataine droim láimhe a thabhairt don eolas nua seo. Dá nglacfaidís le teoiric na bhfrídíní maidir le calar a tharchur, bheadh ceangal orthu ansin coraintíní muirí a chur i bhfeidhm – an hanla a bhaint den chaidéal ar bhonn idirnáisiúnta, mar a déarfá – rud a chuirfeadh go mór isteach ar chúrsaí trádála.

Ba bhreá leat na fionnachtana eolaíochta a bheith ina lóchrainn sheasta ar mhaithe leis an leas coiteann, ach, uaireanta, ní hamhlaidh a bhíonn. Cosúil le gach cineál eolais, is baol don eolaíocht i gcónaí a bheith faoi bhois an chait ag lucht na cumhachta.


Ar an suíomh Gavi, the Vaccine Alliance a céadfhoilsíodh an scéal seo an 10 Lúnasa 2021.

https://www.gavi.org/vaccineswork/long-view-john-snow-and-pump-handle-public-health


Maya Prabhu

Scríbhneoir de bhunadh na hIndia agus na Gearmáine í Maya Prabhu. San Afraic Thoir agus Theas is mó a chaith sí a hóige agus sa Chéinia agus in Uganda a chuir sí tús lena saol gairmiúil. Tá sí ag cur fúithi anois in Bangalore lena páirtí agus a madra. Tá bunchéim aici sa Stair ó Ollscoil Cambridge (MA Cantab), maille le MSc sa Chaidreamh Idirnáisiúnta & Meáin Chumarsáide ón London School of Economics. Is é an Béarla a rogha teanga, ach tá an Ghearmáinis ar a toil aici, tá a bheag nó a mhór d'Fhraincis aici, agus tá sí ag foghlaim na Hiondúise.

Roimhe seo
Roimhe seo

An Scamhóg Iarainn

Ar Aghaidh
Ar Aghaidh

Scéal Tragóideach Typhoid Mary