
Peinicillin
🪙🤪🇳 (penny-silly-N)
Ba í peinicillin an chéad antaibheathach a fionnadh riamh. Alexander Fleming a d'fhionn í in 1928 (tá an scéal le fáil i gcúinne léitheoireachta an tsuímh seo). Ait go leor, níorbh é Fleming féin a rinne an tsubstaint a íonú ná a thástáil in aghaidh ionfhabhtuithe baictéaracha ach daoine a tháinig ina dhiaidh.
Rinneadh í a aonrú ón múscán Penicillium (sin is cúis leis an ainm sin a bheith uirthi). Múscán é sin a tháirgeann antaibheathaigh nádúrtha chun baictéir atá timpeall air a mharú — ionas nach mbeidh siad sa mhullach air agus é ag fás!
Ba é Albert Alexander, póilín 43 bliain d'aois, an chéad duine ar cuireadh cóir leighis air le peinicillin. An 12 Feabhra 1941 a tharla.
Ó tharla na peinicilliní a bheith gníomhach in aghaidh baictéir de chineálacha éagsúla, úsáidtear iad chun ionfhabhtuithe de gach sórt a chóireáil — ionfhabhtuithe craicinn, cliabhraigh agus chonair an fhuail, cuir i gcás.
Cláraíodh na chéad chásanna den fhrithsheasamh in aghaidh peinicilline chomh fada siar le 1941, agus faoi na 1960idí déanacha bhí 80% de thréithchineálacha den Staphylococcus aureus a fuarthas in ospidéil frithsheasmhach ina haghaidh!
Tháinig stad sealadach le scaipeadh na frithsheasmhachta in aghaidh peinicilline nuair a tugadh isteach glúin nua den pheinicillin: an t-aintaibheathach meiticillin. Agus cad a tharla ansin, meas tú? Níorbh fhada gur thaispeáin na baictéir go raibh siad lán ábalta ar an dúshlán sin a shárú, agus tháinig chun cinn tréithcineálacha den Staphylococcus aureus (MRSA) a bhí frithsheasmhach in aghaidh meiticilline freisin. Tá na baictéir chéanna ar na mórchúiseanna le daoine ionfhabhtuithe a tholgadh in ospidéil anois, agus is iad na hionfhabhtuithe sin is deacra a chóireáil freisin